Méid an Téacs

Deis do Thaighdeoir le Gaeilge

Bealtaine 30, 2013

Is mian le Comhairle Cathrach Dhoire taighdeoir/éascaitheoir a cheapadh le tionscnamh Scéal na Gaeilge a fhorbairt. Oibreoidh an taighdeoir go dlúth le pobal na Gaeilge i gceantar Chomhairle Cathrach Dhoire le Scéal na Gaeilge sa cheantar a chur le chéile.

Déanfaidh sé/sí taighde ar stair an scéil agus labhróidh sé/sí le réimse daoine fá stair, stádas agus todhchaí na teanga anseo. Úsáidfear an taighde a dhéantar mar bhunús chun taispeántas nua léirmhínitheach a chur le chéile a bhfuil sé mar chuspóir aige cur le feasacht an phobail i gcoitinne ar an Ghaeilge i nDoire.

Sprioc d’iarratais: 21.06.13

Eolas d’Iarratasóirí