Méid an Téacs

Deiseanna do na scoileanna lán Ghaeilge i bhfógra an Aire Oideachais

Aibreán 13, 2018

Cuireann Gaeloideachas fáilte mhór roimh fhógra an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, inniu, go bhfuil 42 scoil úra le hoscailt le linn na tréimhse 2019-2022. “Is fógra an-dearfach é seo a chabhróidh linn a chinntiú go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil mar rogha do bhreis páistí a bhfuil suim ag a dtuismitheoirí sa chóras tumoideachais agus cabhróidh siad go mór i dtaobh freastal ar an éileamh ollmhór atá ann ar oideachas ilchreidmheach trí mheán na Gaeilge freisin”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.

Deiseanna le scoileanna nua a bhunú

Pléifidh Gaeloideachas le pátrúin ionchasacha gur mian leo oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil sna ceantair atá aitheanta ag an Roinn, agus fáiltíonn muid roimh fiosrúcháin agus teagmháil ón bpobal maidir leis na féidearthachtaí a shamhlaíonn siad dá gceantair féin.

Tá ceantair áirithe ar an liosta inar ritheadh feachtais le scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú cheana, ina measc: Marino, Droim Conrach agus BÁC1, 2, 4 agus 6, Dún Laoghaire agus Cill Chainnigh. Beimid ag súil le tógáil ar an mhór-obair a rinne na pobail sin agus toradh dearfach a bhaint amach dóibh anois agus an deis ann. Feictear dúinn go mbeidh éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge i go leor de na ceantair eile leis, agus tuigeann muid ó na staitisticí a chuireann scoileanna ar fáil don eagraíocht chuile bhliain go bhfuil ró éileamh ar formhór na scoileanna lán-Ghaeilge reatha sna ceantair atá ar liosta na Roinne.

Gá le cur chuige iomlánaíoch le cúram a thabhairt do na scoileanna reatha

Táimid feasach chomh maith ar na deiseanna agus dúshláin a chruthaíonn fógra mar seo don phobal scoile reatha, go bhfuil scoileanna ann gur mian leo fás ach nár tugadh an cead dóibh, agus scoileanna atá ag fulaingt le blianta fada de dheasca cóiríocht míchuí a bheith acu. Leanfaimid orainn ag troid cás na scoileanna seo agus ag éileamh go dtabharfaí a gcuid mianta agus riachtanais san áireamh i gcónaí sa phróiseas pleanála. Is cinnte go bhfuil scoileanna ann a bheadh toilteanach agus in ann roinnt den bhrú atá ar an gcóras a mhaolú trí glacadh le daltaí breise ach foirgnimh chuí a bheith acu, agus iarraimid go mbeadh cur chuige iomlánaíoch ag an Roinn agus iad ag pleanáil chun cinn. Seasann seo ach go háirithe ag an iar-bhunleibhéal, áit a mbeadh féidearthachtaí ann an soláthar reatha a fhorbairt agus stádas scoil neamhspleách a bhunú ar aonaid atá ag feidhmiú i roinnt de na ceantair aitheanta. Faoi láthair, tá aonaid iar-bhunleibhéil ag feidhmiú ar fud na tíre gan tacaíocht nó cosaint cuí ón Stáit lena rathúlacht agus inmharthanacht a chinntiú. Thabharfadh an próiseas seo deis don Roinn obair i gcomhairle lena bpátrún agus soláthar lán-Ghaeilge buan a chinntiú do na réigiúin sin.

Cothrom na féinne don oideachas lán-Ghaeilge?

Ní léir go fóill cén próiseas a bheidh ann le pátrúin agus sainmheoin na scoileanna nua atá le bunú a roghnú. Tá sé tugtha le fios ag an Roinn go mbeidh athruithe air, ach go mbeidh an béim ar rogha na dtuistí go fóill. Beidh tionchar mhór ag an bpróiseas roghnúcháin ar an líon scoileanna nua lán-Ghaeilge a bhunófar agus tá Gaeloideachas ag stocaireacht ó 2015 chun go leasófar é ar mhaithe le cothrom na féinne a bheith ann d’iarratais ar scoileanna lán-Ghaeilge. Chuir an próiseas, i bhfeidhm ó 2011, tuismitheoirí gur mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí faoi mhíbhuntáiste ollmhór toisc nach raibh sé d’acmhainn ag a bhfeachtais dul san iomaíocht leis an mórphobal Béarla. Foilseofar eolas maidir leis an bpróiseas athbhreithnithe sna seachtainí amach romhainn, agus beimid ag súil leis go mbeidh sé ag tacú le forbairt na hearnála, de réir gealltanais an Stáit sa Straitéis 20-Bhliain don Ghaeilge.

Roinnfear gach eolas maidir leis na feachtais le scoileanna nua a bhunú agus le cóiríocht chuí a éileamh do na scoileanna reatha ar www.gaeloideachas.ie agus ar na meáin shóisialta. Deir Anna Ní Chartúir, Uachtarán na heagraíochta, “beimid ag súil leis go gcuirfí le líonmhaireacht agus láidreacht na scoileanna lán-Ghaeilge sna blianta beaga amach romhainn”.