Dianchúrsa scríbhneoireachta
Iúil 11, 2013
Tá dianchúrsa i scríobh an ghearrscéil agus an t-úrscéal fógartha ag Móinín Teo., comhlacht foilsitheoireachta Ré Ó Laighléis.
Tá ard-cháil ar Ré Ó Laighléis mar dhuine de na scríbhneoirí is bisiúla sa tír agus tá réimse leathan leabhar, i nGaeilge agus i mBéarla foilsithe aige. Is duine é freisin a bhfuil an-cháil air mar theagascóir sa scríbhneoir cruthaitheach agus éileamh mór ar a chuid ranganna agus ceardlanna. Reáchtálfar an dianchúrsa thar sé dheireadh seachtaine ag tosú ar an 21/22 Meán Fómhair seo chugainn agus beidh na ceardlanna ar siúl sa Scríobhlann, áras traenála Mhóinín i mBaile Uí Bheacháin, Contae an Chláir. A mbuíochas d’urraíocht ó Fhoras na Gaeilge níl aon táille i gceist leis an dianchúrsa ach beidh na rannpháirtithe freagrach as a gcostais taistil agus lóistín féin. Is é Dé Máirt 3 Meán Fómhair an spriocdháta iontrála chun iarratas a dhéanamh ar an gcúrsa seo. Ní ghlacfar ach le hochtar ar an gcúrsa agus tá foirm iarratais le fáil ó Mhóinín Teo. ag 065 7077256 nó moinin@eircom.net
www.advertiser.ie/galway
Foilsithe ar Gaelport.com 11 Iúil 2013
Galway Advertiser – Lár Sráide – Peadar Mac Fhlannchadha