Méid an Téacs

ÉISTEACHTAÍ Á REÁCHTÁIL AG MEANGADH FÍBÍN AG OIREACHTAS NA SAMHNA I MBLIANA

Deireadh Fómhair 24, 2017

Ar mhaith leat a bheith ar an gcéad réalt nua teilifíse?

Éisteachtaí

Tá tallann nua don scáileán á lorg ag Meangadh Fíbín le haghaidh sraith shiamsúil nua teilifíse dírithe ar leanaí réamhscoile. Tá cailín agus buachaill óg ag teastáil chun dul ar eachtraí spraíúla mórthimpeall na tíre. Cén áit níos fearr chun an tallann seo a aimsiú ná ag féile mhór na nGael, Oireachtas na Samhna i gCill Airne!!

Más buachaill nó cailín tú idir 6-12 bliain d’aois ba bhreá linn dá ndéanfá éisteacht dúinn. Tar chomh fada le Seastán Meangadh Fíbín in Aonach an Oireachtais chun tuilleadh eolais a fháil le linn na féile. Cuirfear fáilte roimh dhaoine óga le taithí asteoireachta ach níl sé riachtanach.

Ná bígí buartha mura ndéanann sibh chomh fada le Cill Airne é is féidir éisteacht a dhéanamh ar fhíseán agus é a sheoladh ar aghaidh chugainn ar ríomhphost chuig kathleen@fibinmedia.ie roimh an Aoine 10 Samhain 2017!

Ní gá dul thar dhá nóiméad leis an bhfíseán ina mbeidh an buachaill/cailín ag labhairt Gaeilge agus ag déanamh cur síos ar ábhar ar bith a bhfuil spéis acu ann.

Ba chóir go ndéanfadh duine fásta maoirseacht ar gach iarratas ríomhphoist.  Coinneofar go príobháideach na físeáin a chuirtear isteach agus scriosfar iad chomh luath agus a bheidh an próiseas roghnúcháin críochnaithe.

Bí i dteagmháil le Meangadh Fíbín le haghaidh tuilleadh eolais 091-505855/kathleen@fibinmedia.ie

Gach eolas ar www.fibinmedia.ie