Méid an Téacs

Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. Roimh Oscailt na Scoileanna Lán-Ghaeilge Nua Meán Fómhair 2008

Meán Fómhair 1, 2008

Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. roimh oscailt 4 bhunscoil lán-Ghaeilge i mí Meán Fómhair 2008 a bheas ag oscailt a gcuid doirse don chéad uair i mbliana.

Is iad na bunscoileanna lán-Ghaeilge atá i gceist ná:-

  1. Gaelscoil na Lorgan, Baile na Lorgan, Co. Mhuineacháin
  2. Gaelscoil Éadan Doire, Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí,
  3. Gaelscoil na gCloch Liatha, Na Clocha Liatha, Co Chill Mhantáin, agus
  4. Gaelscoil Ros Eo, Ros Eo, Co. Átha Cliath.

Fáiltítear go mór freisin roimh scoil nua lán-Ghaeilge ó thuaidh, atá ag oscailt le cabhair agus tacaíocht ár gComhpháirtithe Oideachais ó thuaidh, Comhairle na Gaelscolaíochta. Is é ainm na scoile seo ná Bunscoil Uí Chléirigh, Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain.

D’fháiltigh Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO., Bláthnaid ní Ghréacháin, go mór roimh an dul chun cinn seo atá mar cheiliúradh ar an méid atá bainte amach ag na coistí bunaithe agus in earnáil na gaelscolaíochta. Deir sí, “Tá moladh mór tuillte ag na coistí bunaithe agus na tuismitheoirí atá ag obair go deonach le roinnt blianta anuas sna ceantair thuasluaite d’fhonn na scoileanna seo a oscailt agus oideachas lán-Ghaeilge a chinntiú dá bpáistí.”

Ach ar an drochuair, shoiléirigh sí gur i gcóiríocht shealadach a bheas na scoileanna seo ag feidhmiú go ceann roinnt bhlianta, ar aon dul le beagnach 50% d’iomlán na mbunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír, idir nua agus sean-bhunaithe. Deir sí áfach ina thaobh, “go leanfaidh GAELSCOILEANNA TEO. i mbun stocaireachta arís ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta leis an bhFeachtas Cóiríocht Chóir chun staid na scoileanna lán-Ghaeilge a fheabhsú, idir cóiríocht chóir agus acmhainní cuí a thagann le hardchaighdeán an chórais gaelscolaíochta.”

Guíonn Uachtarán na hEagraíochta, Mícheál Ó Broin gach rath ar na scoileanna nua, na Príomhoidí, na múinteoirí maraon leis na daltaí atá ag tosú amach i ré nua thábhachtach ina saol. Do phobail na scoileanna ar an bhfód cheana, deir sé, “Tréaslaímid leis na tuismitheoirí chomh maith ar an ócáid bhródúil seo. Guímid gach rath freisin ar gach scoil lán-Ghaeilge atá ag ath-oscailt na doirsí agus ag tabhairt faoi bhliain úr scoile agus iad ag saothrú leo ag cur sároideachais ar fáil trí chóras an tumoideachais.”

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 171 bunscoil agus 44 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht (ar bhonn 32 contae) ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.