Méid an Téacs

Fearg Léirithe ag Gaelscoileanna Teo. Faoi Ráiteas an Aire ar Aitheantas Scoileanna

Meán Fómhair 12, 2008

Déardaoin, 11ú Meán Fómhair 2008

FEARG LÉIRITHE AG GAELSCOILEANNA TEO. FAOI RÁITEAS AN AIRE AR AITHEANTAS SCOILEANNA

Cháin GAELSCOILEANNA TEO., eagraíocht ionadaíochta do 140 bhunscoil lán-Ghaeilge, Batt O’Keeffe, an tAire Oideachais agus Eolaíochta, as ráitis a thug sé inniu i leith aitheantais do scoileanna a roghnóidh sainmheon lán-Ghaeilge sa todhchaí.

"Téann tuairimí an Aire ar an gceist seo glan i gcoinne cearta an tuismitheora oideachas oiriúnach a roghnú dá bpáistí, mar atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann, gan trácht ar iallach an stáit An Ghaeilge a chaomhnú agus úsáid na teanga a spreagadh", a dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO.

"De réir dealraimh, ceapann an tAire gurb ionann rogha an tuismitheora agus ‘scoil ag gach crosbhóthar’, meon a léiríonn easpa measa nach beag ar thábhacht an chomhphobail sa tsochaí Éireannach."

"Aithníonn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta an tábhacht le luach ar airgead tríd an gclár tógála scoile modúlach.  Tacaímid leis an gcur chuige seo, ach caithfidh sé seo ag bheith ag feidhmiú ar bhonn comhthreomhar le meon a léiríonn meas ar thábhacht an oideachais.  Ní fheiceann an tAire seo, de réir cosúlachta de."

"Is féidir leis na gaelscoileanna agus na scoileanna eile pátrún-bhunaithe aitheantas sealadach a lorg nuair atá 17 ar an rolla acu agus aitheantas buan a lorg nuair atá 51 dalta cláraithe leo.  Aithníonn sé seo an tslí ina fhásann an scoil agus an ról tábhachtach atá aici sa chomhphobal ina fheidhmíonn sí. Ba mhór againn a mheabhrú don Aire nár dhún scoil lán-Ghaeilge riamh de bharr líon na ndaltaí ag ísliú."

"Fiú an tseachtain seo, léirigh an OECD go bhfuil caiteachas oideachais an rialtais seo i measc na gcinn is ísle san Eoraip. In ainneoin an easpa tacaíochta seo ón Stát, tá caighdeán oideachais na tíre seo i measc na gcinn is fearr ar domhain. Eascraíonn an t-Oideachas is fearr as an gcomhphobal agus as toilteanas na dtuismitheoirí páirt a ghlacadh sna próisis bainistíochta, fealsúnachta agus tiomsú airgid, faraor."

"Caomhnaítear an tacaíocht seo trí chóras na bpatrún. Tá sé scannalach go gceistítear an bealach is éifeachtúla le tionchar a imirt ar thodhchaí ár bpáistí ar bhonn eacnamaíochta bacach san iarracht éigríonn ar dhrochthaifid agus easpa samhlaíochta an Stáit thar blianta fada a cheilt. Anuas air seo, bréagnaíonn sé gealltanas an Rialtais tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus é a chothú mar a leagadh síos i bhfíseán 2028, plean don teanga Gaeilge. Leagann sé seo constaic eile roimh an chórais agus roimh na ngrúpaí deonacha sa chomhphobal. "

"Tá súil againn nach bhfuil anseo ach tástáil tuairimí ar pháirt an Aire, a chuirfí ina cheart gan mhoill.  Beidh cruinniú práinneach á lorg againn leis an Aire le soiléiriú a fháil ar ráiteas an lae inniu."

Críoch

Eolas sa bhreis:

Bláthnaid Ní Ghréacháin                                                Rob Hartnett

Ardfheidhmeannach – GAELSCOILEANNA TEO.            Director – Hartnett McClure PR

01 4773155 nó 086 8050335                                     01 6401821 nó 086 3851955