Méid an Téacs

Éilíonn Scoil Chaitlín Maude, Tamhlacht, foirgneamh scoile

Meitheamh 11, 2013

Tá oideachas den scoth trí mheán na Gaeilge á chur ar fáil ag Scoil Chaitlín Maude do phobal Iar Thamhlachta le 28 bliain anuas. In ainneoin sin, níl a foirgneamh féin ag an scoil. Tá oideachas curtha ar na céadta páistí ó bunaíodh í i 1985. Tá an scoil ag fás i gcónaí agus ní féidir léi freastal ar an éileamh d’áiteanna.

Bhog an scoil go Cnoc Mhuire i 1990. Thug an Roinn Oideachais agus Scileanna le fios don scoil gur socrú sealadach a bheadh ann agus go mbeadh foirgneamh buan ar fáil i gCnoc Mhuire tar éis tamall. Níor tharla sé sin áfach, agus de réir mar a d’fhás an scoil cuireadh seomraí sealadacha réamhdhéanta ar fáil. Tá droch-chaoi ar na seomraí sin anois agus ba cheart iad a leagadh. Tá siad go hiomlán mí-oiriúnach, mí-shásúil agus mí-shláintiúil.

Bhí sé soiléir ó 2010 i leith nach gcuirfí suíomh buan ar fáil don scoil i gCnoc Mhuire. Tá an scoil i mbun comhráití leanúnacha leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus le Comhairle Chontae Átha Cliath Theas ó shin chun suíomh buan a aimsiú. Tá gach duine ar aon intinn go bhfuil foirgneamh buan ar shuíomh buan ag teastáil ach tá na comhráití seo ag dul ar aghaidh gan toradh. Tá géarchéim cóiríochta ag an scoil anois. B’fhéidir go mbeidh ar an scoil seomraí ranga a fháil ar chíos ar shuíomh 2km ón scoil agus an scoil a roinnt that thrí shuíomh. Is cúis imní é seo do thuismitheoirí, do mhúinteoirí agus do phobal uile na scoile.

Beidh ionadaithe ó phobal na scoile os comhair oifigí na Roinne Oideachais agus Scileanna ar Shráid Maolbhríde (Marlborough St) ar 14.30 ar an gCéadaoin, 12 Meitheamh, chun éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD, an fhreagracht a ghlacadh ar deireadh as suíomh buan a fháil don scoil tar éis 28 bliain.