Méid an Téacs

Suirbhé: An Ghaeilge agus Pobal na Scoile

Deireadh Fómhair 5, 2012

Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit páirt a ghlacadh i Seisiún Ransaithe Smaointe ar an ábhar ‘An Ghaeilge agus Pobal na Scoile’ chun cabhrú le GAELSCOILEANNA TEO. treoirleabhar a ullmhú ar ‘Forbairt Scoilphobail’.

Is féidir teacht ar an suirbhé ag http://www.surveymonkey.com/s/scoilphobail.

Ba mhaith linn go gcuirfí an suirbhé ar aghaidh chuig foireann na scoile, baill an bhoird bhainistíochta, baill d’Eagras na dTuistí agus, fiú, iar-bhaill foirne, tuistí agus iar-bhaill de bhoird bainistíochta na scoile; sé sin, chuig na daoine ar fad a chuidíonn nó a chuidigh leis na scoileanna lán-Ghaeilge a riaradh agus daoine a mhúin nó a mhúineann iontu. Bheimis thar a bheith buíoch dá bhféadfá an nasc a roinnt le héinne gur dóigh leat go mbeadh suim acu ann.

Tógfaidh sé 10 nóiméad nó mar sin leis an suirbhé a chomhlíonadh. Ní gá gach ceist oscailte a fhreagairt ach bheadh aiseolas ar na ceisteanna seo ach go háirithe an-luachmhar dúinn. Má cheapann tú go ndearna tú an pointe cheana i bhfreagra ar cheist ní gá é a athrá. Arís, seisiún ransaithe smaointe é seo. Amanta tá na ceisteanna san aimsir láithreach chun nach mbeidh siad ró-fhada ach más éirithe as atá tú tuigimid gur do thaithí mar a bhí/bhíodh atá i gceist.

Níl i gceist torthaí an tsuirbhé a fhoilsiú mar gurb í an aidhm is mó ná na tuairimí agus na cleachtais ar fad maidir le cúrsaí pobail a bhailiú ó lucht riartha agus/nó múinteoirí na scoileanna lán-Ghaeilge.

Pléifear aiseolas ón dtaighde seo ag Comhdháil Oideachais GAELSCOILEANNA TEO. & Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. ar an 23 Samhain 2012 in óstán an Ardilaun i nGaillimh. Ba mhór linn tú a bheith i láthair – tá gach eolas maidir leis an gcomhdháil ar fáil anseo.

Is é Dé hAoine an 19 Deireadh Fómhair an lá deiridh len é a chomhlíonadh. Má tá aon cheist agat ina leith, tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh leis an oifig ar 01 8535195 nó oifig@gaelscoileanna.ie.