Méid an Téacs

Folúntas mar Chúntóir Riachtanais Speisialta

Iúil 10, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá folúntas  ar fáil do Chúntóir Riachtanais Speisialta le Gaelscoil Choráin, ag tosú ar an 28ú lá de mhí Lúnasa. Téarma seasta bliana atá i gceist. Coiméadfar na hiarratais ar phainéal go ceann 4 mhí ar eagla go mbeadh aon fholúntas eile le líonadh.

Caithfear litir iarratais a sheoladh sa phost, mar aon le cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, cv agus reifreann( ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite) chuig Gaelscoil Choráin, Sráid na Trá, Eochaill, Co. Chorcaí. Caithfear iarratais a sheoladh roimh an 27ú lá de mhí Iúil.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/88216.