Méid an Téacs

Gaelscoil nua do Bhaile an Chollaigh i Meán Fómhair 2017, ach briseadh croí do thuismitheoirí níos mó ná 500 páiste le diúltú trí iarratas eile ar scoileanna nua

Bealtaine 4, 2017

Bunscoil ilchreidmheach lán-Ghaeilge nua do Bhaile an Chollaigh

Ba mhaith le Gaeloideachas comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le tuismitheoirí Bhaile an Chollaigh, nár staon dá gcuid feachtasaíochta chun bunscoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach a bhunú ina gceantar. Aithníodh a gcuid iarrachtaí móra inniu i bhfógra an Aire Oideachais & Scileanna, Richard Bruton. Osclóidh an scoil i mí Mheán Fómhair na bliana seo do naíonáin sóisir, faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta.

“As na trí bhunscoil atá le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2017, cuireann muid fáilte faoi leith roimh fhógra an Aire Bruton gur scoil lán-Ghaeilge a osclófar i gceantar Bhaile an Chollaigh” a dúirt Clare Spáinneach, Leas-Ardfheidhmeannach Gníomhach Gaeloideachas. “Ciallaíonn fógra an lae inniu go mbeidh rochtain ag glúin iomlán úr ar an tumoideachas, a bhuí leis an obair ollmhór a rinne tuismitheoirí áitiúla chun a scoil nua a bhunú. Tá buntáistí ollmhóra ag baint leis an oideachas lán-Ghaeilge do pháistí – beidh siad líofa in dhá theanga ar a laghad, agus cabhraíonn múnla an tumoideachais lena bhforbairt shóisialta, chumarsáide agus chognaíoch. Freastalóidh an scoil ilchreidmheach seo ar pháistí ó chúlraí éagsúla teanga, cultúir agus creidimh agus gheobhaidh siad oideachas tairbheach agus cuimsitheach”.

Socrófar cóiríocht chuí don scoil le tacaíocht na Roinne Oideachais & Scileanna sna seachtainí amach romhainn, agus ceapfaidh An Foras Pátrúnachta príomhoide. Ní mór do thuismitheoirí ar suim leo a gcuid páistí a chlárú don scoil teagmháil a dhéanamh leis An Foras Pátrúnachta: cormac@foras.ie nó 01 6294110.

Díomá ar thuismitheoirí os cionn 500 páiste i nDún Laoghaire, Baile Pheiléid agus Deisceart Chathair Bhaile Átha Cliath agus iad fágtha gan rogha dá gcuid páistí

Is ábhar mór díomá é, áfach, do phobail Dhún Laoghaire, Bhaile Pheiléid agus Deisceart Chathair Bhaile Átha Cliath nár aithníodh an t-éileamh ollmhór ar an oideachas lán-Ghaeilge ina gcuid ceantar. “Tá obair iontach déanta ag na grúpaí áitiúla sna ceantair éagsúla seo ar fad ón uair a fógraíodh go raibh scoileanna nua le bunú, agus fuair muid breis agus 517 bhfoirm léirithe spéise ó thuismitheoirí áitiúla a bhí ag iarraidh gur scoileanna lán-Ghaeilge ilchreidmheacha a n-osclófar dá gcuid páistí” a dúirt Ciara Ní Bhroin, Oifigeach Sinsearach Polasaí agus Forbartha le Gaeloideachas.

“Is tuismitheoirí iad seo nach féidir leo áit ar bith a fháil i scoileanna lán-Ghaeilge reatha na gceantar, agus níl aon scoileanna lán-Ghaeilge ilchreidmheacha ar fáil dóibh sna trí cheantair scoile seo. Beidh na scoileanna nua eile ar fad ag teagasc trí mheán an Bhéarla, agus ní fhreastalóidh sé sin ar mhianta oideachais na dtuismitheoirí seo dá gcuid páistí. Níl aon áit acu anois le dul.”

Aitheantas ar bith do Thuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath tar éis achainí ó thuismitheoirí bhreis agus 700 páistí

Bhí breis míshásamh i bhfógra an Aire Oideachais & Scileanna inniu maidir le scoileanna nua do 2017 agus 2018 de dheasca nach raibh tagairt ar bith déanta don fheachtas bunscoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach a bhunú i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Bailíodh 733 fhoirm léirithe spéise mar chuid den phróiseas pátrúnachta scoile in 2016, ach níor éirigh leis an iarratas. Cuireadh in iúl sa tuairisc ón nGrúpa Comhairleach um Bunú Scoileanna Nua chuig an Aire in Aibreán 2016 go raibh éileamh suntasach ar oideachas lán-Ghaeilge sa cheantar, agus gur chóir athbhreithniú a dhéanamh air seo. Bhí dóchas áirithe ann go mbeadh scéal dearfach i bhfógra an lae inniu agus go n-aithneofaí mianta na dtuismitheoirí sin i dtuaisceart na cathrach. Níor tháinig aon aitheantas ar an éileamh seo ón Roinn Oideachas ná ón Aire Bruton, áfach. “Leanfaidh Gaeloideachas ag troid ar son chearta oideachais na bpáistí seo agus páistí eile cosúil leo” a dúirt Clare Spáinneach, “agus leanfaidh muid orainn ag stocaireacht go ndéanfar an próiseas reatha chun pátrúnacht scoile a bhaint amach a leasú agus dífheistiú a éascú, toisc nach n-éascaíonn na cúinsí reatha le bunú scoileanna mionteanga. Tá moltaí déanta againn leis an Roinn maidir le leasú an phróisis seo, mar atá déanta ag Páirtithe eile Oideachais, agus feicfimid má ghlacann lucht déanta na bpolasaithe le cúiseanna imní tuismitheoirí”.

Is próiseas dian fada ar thuismitheoirí é an próiseas seo a úsáideann an Roinn le pátrúnacht na scoileanna nua a aithint. Tá na tuismitheoirí seo i mbun feachtas ina gcuid ceantar féin le breis agus bliana anois agus fágadh iad ag fanacht trí mhí ar chinneadh ón Aire. Beidh dúshlán mór ag na pátrúin rathúla anois gach rud a bheith réidh acu don scoilbhliain atá le teacht, agus beidh sé an-dúshlánach do na tuismitheoirí nár éirigh lena gcuid feachtas áit scoile a shocrú dá gcuid páistí i scoileanna eile. Ba mhaith le Gaeloideachas an obair chrua a chuir na tuismitheoirí seo ar fad isteach a aithint agus buíochas a ghabháil leis na tuismitheoirí, na pátrúin agus na heagraíochtaí a thacaigh leo, go háirithe Conradh na Gaeilge, as na feachtais dearfacha a bhí ar bun sna ceithre cheantair éagsúla agus as feasacht a ardú i measc an phobail ar na buntáistí a bhaineann leis an oideachas lán-Ghaeilge do chách.