Gaelscoileanna Teo. roghnaithe mar Cheanneagraíocht ar an réimse Gaeloideachas / Tumoideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge
Eanáir 20, 2014
Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh roghnú Gaelscoileanna Teo. mar Cheanneagraíocht ar an mhór-réimse Gaeloideachas / Tumoideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge, a fógraíodh mar thoradh ar an bpróiseas cuíchóirithe faoi stiúir Fhoras na Gaeilge chun ceanneagraíocht a cheapadh don mhór-réimse Gaeloideachas / Tumoideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge.
Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo. i leith an chinnidh, “Táimid thar a bheith sásta gur éirigh linn faoin bpróiseas seo. Is aitheantas atá i roghnú Gaelscoileanna Teo. ar thiomantas agus díograis na heagraíochta d’fhorbairt na hearnála oideachais lán-Ghaeilge le 40 bliain anuas ó céad bunaíodh an eagraíocht agus amach anseo sa todhchaí. Is buaicphointe é seo ar an gceiliúradh 40 bliain ag an eagraíocht, agus ar na blianta fada de dhúthracht agus dílseacht daoine deonacha agus fostaithe na heagraíochta.”
“Aithnímid áfach gur próiseas an-deacair agus dúshlánach a bhí ann do na heagraíochtaí uile a bhí rannpháirteach agus go mbeidh dúshláin i gceist le cur i bhfeidhm iomlán na samhla nua.”
Aithníonn Gaelscoileanna Teo. go mbeidh athruithe mhóra i ndán di, agus í ag tabhairt faoi réimse leathnaithe seirbhíse agus freagrachta. Deir ní Ghréacháin ina leith, “Glacfaimid go fonnmhar agus go dáiríre leis na cúraimí, deiseanna agus dúshláin atá romhainn mar cheanneagraíocht ar an mhór-réimse”.
Ag tagairt don bhóthar atá romhainn, deir Uachtarán na heagraíochta, Máirín Ní Chéileachair, “Tá dlúthchomhoibriú ar siúl idir Gaelscoileanna Teo. agus na páirtithe leasmhara san earnáil oideachais lán-Ghaeilge le fada an lá. Táimid ag súil go mór le deiseanna comhoibrithe a phlé leo chun go leanfar leis an gcur chuige comhoibritheach agus straitéiseach agus muid ag forbairt na hearnála. Tá sé an-tábhachtach do Gaelscoileanna Teo. a bheith in ann saineolas na n-eagraíochtaí leasmhara a choinneáil san earnáil, ag an leibhéal rialachais agus feidhmeannais, chun leas na hearnála.”
“Táimid ag súil go mór leis an deis cur le seasamh reatha Gaelscoileanna Teo. agus eagraíocht láidir chomhordaithe thar an trí leibhéal, ón réamhscolaíocht, go bunscolaíocht go hiarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge ar bhonn uile-oileáin a fhorbairt, eagraíocht a bheidh guth comhaontaithe agus údarásach aici agus í ag déanamh ionadaíochta ar an mhór-earnáil.”