Méid an Téacs

Ionsaí mór tuartha don Chóras Oideachais sa Cháinaisnéis agus Impleachtaí móra don Ghaeloideachas

Samhain 29, 2011

Leis an ngéarchéim eacnamaíochta agus droch-staid an gheilleagair sa tír seo, táthar ag súil le cáinaisnéis an-dian ar an 5 agus an 6 Nollaig. Aithnímid go mbeidh impleachtaí an-mhór ann don earnáil oideachais go ginearálta agus d’earnáil an ghaeloideachais go háirithe. Tá sciar suntasach de chiorraithe á chur i bhfeidhm ag an earnáil oideachais go dtí seo, le laghdú suntasach sa bhuiséad oideachais ón mbliain 2008 ar aghaidh. Tá tionchar nach beag imeartha ag na ciorruithe seo ar na scoileanna lán-Ghaeilge: tá líon na ndaltaí sna ranganna méadaithe, tá thart ar 50% de na scoileanna lán-Ghaeilge ag feidhmiú i gcóiríocht shealadach agus mhí-oiriúnach, tá níos mó scoileanna ná riamh ag feidhmiú i gcúinsí míbhuntáisteacha agus tá sé níos dúshlánaí ná riamh aitheantas a bhaint amach do scoileanna nua.

Anuas ar na dúshláin thuasluaite, rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna cinneadh tromchúiseach anuraidh deireadh a chur leis an socrú cóimheas daltaí le múinteoirí a bhí i bhfeidhm sna gaelscoileanna. Táthar ag tuar anois méadú arís sa chóimheas dalta le múinteoirí. Ní bheidh scoileanna na tíre seo, scoileanna lán-Ghaeilge san áireamh, in ann an méadú seo a sheasamh, agus na himpleachtaí do chaighdeán an teagaisc dá bharr.

D’aithin an cóimheas daltaí-múinteoirí a bhí beagán níos fabhraí do scoileanna lán-Ghaeilge na dúshláin bhreise atá le sárú sna gaelscoileanna, ar a n-áirítear cur i bhfeidhm curaclam iomlán trí mheán na Gaeilge agus éagothroime sna hacmhainní agus sna tacaíochtaí atá ar fáil dóibh. Ceadaíodh an cóimheas mar léiriú ar an riachtanas a bhaineann le caomhnú agus le láidiriú an chórais tumoideachais agus sainmheon na Gaeilge sna scoileanna a chosaint.

Tá an cóimheas sna gaelscoileanna ar aon leibhéal leis na scoileanna a dhéantar teagasc trí mheán an Bhéarla iontu ó Mheán Fómhair 2011. Cuireadh an t-athrú seo i bhfeidhm i mbealach a bhí an-tubaisteach do scoileanna. Iarradh ar roinnt scoileanna idir 17-23 daltaí sa bhreis a thabhairt isteach sa scoil i Meán Fómhair 2011 len a gcuid múinteoirí a choimeád, líon nach bhfuil réadúil dóibh mar nach scoileanna atá ag forbairt atá iontu don chuid is mó. Aon uair a athraíodh an sceideal go dtí seo is dalta nó beirt sa bhreis a bhí de dhíth. Tá suas go 31 scoil a chaill múinteoir amháin agus ceithre scoil eile a chaill beirt mhúinteoir. D’fhill na príomhoidí ar ais ar an seomra ranga i gcás 6 scoil.

Aithníonn an Rialtas go bhfuil an gaeloideachas lárnach i gcur chun cinn na straitéise fiche bliain don Ghaeilge agus impímid orthu an córas a chosaint agus beart a dhéanamh de réir briathair. Tá todhchaí agus cearta páistí ag brath air.  Impímid ar an Rialtas an deontas caipitíochta, atá cheana féin fíor-theoranta, a chosaint ó aon chiorraithe breise, nó fágfar le níos mó scoileanna atá ag brath go mór ar shíntiús deonach ó thuismitheoirí agus cuirfear breis brú ar thuismitheoirí a lámha a chur i bpócaí atá an-fholamh cheana.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.