Méid an Téacs

Le Chéile Trí Ghaeilge!

Eanáir 24, 2017

Scéim: Le Chéile Trí Ghaeilge 2017 Tapaigh an deis! Deontais ar fáil 

gaelscoileanna

Tá Gaeloideachas ag cur deontais ar fáil do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta tríd an scéim ‘Le Chéile Trí Ghaeilge’. Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil buiséad ceadaithe don scéim don tréimhse Feabhra – Nollaig 2017 agus go bhfuil muid ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí atá beartaithe laistigh den tréimhse seo. Bíonn an-tóir ar an deontas seo, agus molaimid do naíonraí agus do scoileanna an deis a thapú agus iarratas a dhéanamh go luath! Ceadaítear na deontais ar bhonn tús freastail. Ní gá go mbeidh sonraí an imeachta deimhnithe agat leis an iarratas a dhéanamh, is leor cur síos ar a bhfuil beartaithe. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála i ndiaidh an imeachta. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:

•    Naíonraí / naíscoileanna
•    Bunscoileanna
•    Iarbhunscoileanna

Is deis mhaith í seo comhcheangal idir scoileanna Gaeltachta agus Galltachta a chruthú agus imeachtaí a reachtáil i gcomhpháirt lena chéile.

Tríd an scéim seo, bíonn deis ag naíonraí agus scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le naíonraí agus scoileanna eile. Cuireann Gaeloideachas an tacaíocht thíos ar fáil:

€250/£225 an t-uasmhéid atá ar fáil d’aon imeacht le 2 pháirtí éagsúla* rannpháirteach ann.

€500/£450 an t-uasmhéid atá ar fáil d’aon imeacht le 3 pháirtí éagsúla* rannpháirteach ann.

€750/£675 an t-uasmhéid atá ar fáil d’aon imeacht le 4 pháirtí éagsúla* nó níos mó rannpháirteach ann.

Tugann na himeachtaí seo deis tábhachtach do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le chéile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa an naíonra agus na scoile, chun leasa na bpáistí agus na ndaltaí agus chun leasa an phobail.

Is féidir teagmháil a dhéanamh liom má tá ceist ar bith agat ina leith. Tá liosta ar ár suíomh d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil agus seans go mbeidh spreagadh ann daoibh agus sibh ag pleanáil i dtreo imeacht a reáchtáil – féach http://www.gaelscoileanna.ie/imeachtai-turais/

Léigí go cúramach na coinníollacha thíos. Má tá ceist ar bith, seol ríomhphost chuig [sandra@gaelscoileanna.ie%20]sandra@gaelscoileanna.ie nó glaoigh ar an oifig ag 01-8535194

Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.

 

Is féidir an fhoirm iarratais a chomhlánú anseo. Ní ghlacfar ach amháin le hiarratais ar línehttp://www.gaelscoileanna.ie/sceimeanna/eolas/