Méid an Téacs

13 iarratas ar phacáiste tacaíochta teanga Roinn na Gaeltachta

Bealtaine 23, 2012

TRÍ CINN déag d’iarratais atá faighte ag Roinn na Gaeltachta go dtí seo ar an bpacáiste tacaíochta teanga do thuismitheoirí a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta mí ó shin, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Ag tús na seachtaine bhí iarratas ar an bpacáiste tacaíochta déanta ag seisear ón nGaeltacht agus seachtar lasmuigh den Ghaeltacht.

De réir eolais a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil don cholún seo, tháinig ceithre cinn de na hiarratais sin ó dhaoine atá ag obair le heagraíochtaí atá ag plé leis an nGaeilge agus a chuir fios ar na pacáistí chun tuismitheoirí áitiúla a chur ar an eolas faoi cad a bhí ar fáil.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta leis an gcolún seo nach rabhthas ag súil le líon mór iarratas ag tús na scéime: “Ní tharlóidh sé seo thar oíche, is cuid an-tábhachtach an pacáiste tacaíochta den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh ach níl ann ach rud amháin i measc go leor rudaí eile.

“Tiocfaidh an t-éileamh ar na pacáistí ó na bileoga eolais atá á scaipeadh de réir a chéile againn ar na hospidéil atá ag freastal ar na ceantair Ghaeltachta. Tógfaidh sé tamall an córas a chur ar a chosa cearta.”

Mar chuid den phacáiste faigheann tuismitheoirí leabhrán a chuireann comhairle phraiticiúil ar thuismitheoirí maidir le páistí a thógáil le Gaeilge agus dlúthdhiosca agus leabhar rannta atá oiriúnach do pháistí.

Thug an Roinn le fios go mbeifí ag cur leis an bpacáiste agus na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh “de réir a chéile”. Tuairim is €8 a chosnaíonn gach pacáiste ar Roinn na Gaeltachta nuair a chuirtear costais riaracháin agus poist san áireamh.

Tá an pacáiste tacaíochta teanga dírithe ar thuismitheoirí atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge agus tá sé á scaipeadh mar chuid den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh nua a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, ar 26ú Aibreán.

Tháinig an clár in áit deontas Scéim Labhairt na Gaeilge a bhíodh á híoc le teaghlaigh Ghaeltachta nó gur cuireadh deireadh léi anuraidh.

Faoin gclár nua tá 12 beart ar leith leagtha amach ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta chun tacú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclanna a thógáil le Gaeilge.

Dúirt urlabhraí ón Roinn go rabhthas “dóchasach” go dtiocfadh borradh faoi líon na n-iarratas atá á dhéanamh ar an bpacáiste tacaíochta teanga “de réir mar a chuirtear i bhfeidhm an beart”.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh sé róluath breithiúnas a thabhairt ar conas mar a bhí ag éirí leis an scéim nua.

“Níor mhiste a rá go bhfuil sé i bhfad róluath, shílfeá, a bheith ag déanamh breithmheasa faoin mbeart seo nuair atá an oiread sin céimeanna fós le glacadh le go mbeadh an beart faoi lán seoil,” a dúirt sé.

Thug an t-urlabhraí le fios gurbh é “príomhchuspóir” an bhirt nua ná feasacht a chothú i measc tuismitheoirí faoi na buntáistí a bhain le rogha na Gaeilge mar theanga na clainne.

“Feidhm áisitheoireachta atá á glacadh ag an Roinn sa chás seo. Is faoi thuistí agus faoin bpobal trí chéile atá sé an rogha a dhéanamh faoi cad atá uathu ó thaobh na Gaeilge de,” a dúirt sé.

Is féidir le tuismitheoirí atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge iarratas a dhéanamh ar phacáiste tacaíochta teanga ach teangmháil a dhéanamh leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

www.irishtimes.com