Méid an Téacs

Aighneas i dtaobh cúrsaí Gaeltachtaí sna Coláistí Oiliúna Múinteoirí

Nollaig 10, 2012

Tá gearán déanta ag Aontas na Mac Léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach mar gheall ar an ardú ata tagtha ar tháillí do chúrsaí Gaeltachta, ata mar chuid riachtanach den chéim.
Rinneadh an gearán chuig an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, agus chuig na ranna Gaeilge sna Coláistí Oiliúna Múinteoirí mar chuid de na hiarrachtaí atá ar bun acu aird a tharraingt ar an gceist seo.

Is gá do na hoiliúnaí €1,700 a íoc as dhá chúrsa coicíse a dhéanamh anois, i ndiaidh gur tháinig deireadh leis an maoiniú i mbliana, rud a chuirfidh “brú millteanach ar mhic léinn”, dar le Síomha Ní Mhuirí, Oifigeach na Gaeilge i gColáiste Phádraig.

Chuir an Chomhairle Múinteoireachta in iúl don Roinn Oideachas gur ábhar buairimh iad na táillí arda agus go raibh mic léinn ag lorg mínithe ar cén fátha a raibh na costais chomh hard sin.

“Aontaíonn muid gur fiú go mór tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht ach í thuigeann muid cén fátha a bhfuil sé chomh daor sin agus tá amhras orainn faoi chomh fiúntach is atá an cúrsa seo do mhuintir na Gaeltachta ach go háirithe,” a dúirt Ní Mhuirí.

“Tá roinnt de na mic léinn fágtha gan deontas i mbliana agus tháinig ísliú suntasach ar roinnt deontas eile. Ta mic léinn ag teacht chugam agus iad buartha go mbeidh orthu an coláiste a fhágáil.”

www.gaelsceal.ie