Méid an Téacs

Amhras faoi thodhchaí Aonaid a sholáthraíonn leabhair scoile Gaeilge

Samhain 28, 2012

Tuigtear do Ghaelscéal go mbeidh todhchaí an Áisaonaid, i gColáiste Mhuire, Béal Feirste, a phlé ag cruinniú den Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) ar an 13 Nollaig.

“Tá an tÁisaonad ag soláthar áiseanna oideachais do scoileanna lánGhaeilge Thuaidh agus Theas ó 1998 agus tá meas ag an earnáil ar an obair atá á déanamh acu.

“Ní fheicim cén dóigh a rachaidh na socruithe seo ar leas na Gaeilge agus ní thuigim cén fáth nach bhfuil muid ar an eolas faoi cad atá ag dul ar aghaidh,” a dúirt príomhoide Gaelscoile sa Tuaisceart le Gaelscéal.

Tá an tÁisaonad á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge agus tá ceathrar d’fhoireann lánaimseartha agus duine amháin páirtaimseartha ag obair ann agus amhras anois faoi mhaoiniú fadtéarmach na heagraíochta.

Chuir bainisteoir an Áisaonaid, Ciarán Ó Pronntaigh, in iúl don Fhoras, ag cruinnithe sa samhradh agus i mí Meán Fómhair, gurb é an áit is fearr don Áisaonad ná Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire agus gur cheart go mbeidh sé i dtimpeallacht acadúil ina gcuirtear oiliúint ar mhúinteoirí sa chóras Gaeloideachais.

“Iarradh orainn anailís a dhéanamh ar rogha moltaí eile agus i ngach cás ba é an ceangal le Coláiste Ollscoile an rogha a b’fhearr maidir le leanúint agus forbairt na seirbhíse,” ar seisean.

Tuigtear don Áisaonad go bhfuil moladh déanta ag Foras na Gaeilge don CATT ach níl a fhios acu cad é atá molta,” a dúirt sé le Gaelscéal.

Dheimhnigh Foras na Gaeilge go bhfuil na moltaí, mar a d’iarr an CATT, curtha ag an bhForas faoi bhráid an dá Roinn Rialtais (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó dheas agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh) acu agus gur ceist iad na moltaí sin do na Ranna úd agus do na hAirí Ní Chuilín agus Mac Fhionnlaoich.

Is cinnte go mbeidh an cheist á plé ag cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas i mí na Nollag. Nil cead ag Foras na Gaeilge eolas i leith na moltaí sin a thabhairt.

Tá sé ráite go láidir go mbeidh dualgais an Áisaonaid ag teacht faoi scáth eagraíochta eile agus tá amhras á léiriú go mbeadh an eagraíocht eile ábalta a mhacasamhail de sheirbhís a chur ar fáil.

Mhaigh Foras na Gaeilge i ráiteas chuig Gaelscéal nach bhfuil fírinne ar bith sa scéal go ndúnfar an tÁisaonad lánGhaeilge go luath agus nach bhfuil cinneadh dá réir sin déanta maidir le druidim an Áisaonaid.

Chinntigh an Foras go mbeidh maoiniú ar fail do na heagraíochtaí bunmhaoinithe uile, an tÁisaonad lánGhaeilge san áireamh, suas go dtí 30 Meitheamh 2013 de réir cinneadh a rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas i mí Feabhra 2012.

www.gaelsceal.ie