Méid an Téacs

An Eaglais Chaitliceach: Osclóidh muid Gaelscoileanna

Deireadh Fómhair 26, 2012

Ta se ráite ag an Eaglais Chaitliceach go ndéanfaidh siad freastal ar an éileamh don Ghaelscolaíocht a léireofar i suirbhéanna ar thuismitheoirí atá a ndéanamh timpeall na tíre.

Seoladh scéim phíolótach i gcúig cheantar an tseachtain seo le mianta tuismitheoirí faoin saghas oideachais ata uathu dá bpáistí a mheas. Is í an chéad cheist ar na suirbhéanna na an bhfuil Béarla nó Gaeilge uathu mar theanga teagaisc a bpáistí. Iarrtar orthu ansin cén sainmheon credimh atá uathu agus an bhfuil scoil aon-inscne nó scoil mheasctha uathu.

Ta an tAire Oideachais ag súil go n-aistreofar pátrúnacht ón Eaglais Chaitliceach go heagraíochtaí eile faoin bpróiseas. Má ta taighde faoin éileamh atá ann don Ghaelscolaíocht cruinn, bheadh impleachtaí móra ann don chóras bunscolaíochta chomh maith.

De réir staidéir a rinne Institiúid Teangeolaíochta na hÉireann in 2000, chuirfeadh suas le 30% den phobal a bpáistí chuig Gaelscoil dá mbeadh ceann ar fail go háitiúil. Tá thart ar 7% de pháistí na Poblachta ag freastal ar Ghaelscoileanna faoi láthair.

Is féidir le tuismitheoirí a rá go bhfuil siad sásta leis an sainmheon creidimh atá ar fail ina gceantar ach go bhfuil siad ag iarraidh an teanga teagaisc a athrú. Dúirt urlabhraí ón Eaglais chaitliceach go bhfuil siad lánsásta Gaelscolaíocht a chuir ar fáil má léiríonn na suirbhéanna go bhfuil éileamh ann di.

“Tá an Eaglais mar phátrún ar thart ar 80 bunscoil lánGhaeilge, mar sin ta muid i gcroílár na hearnála cheana féin,” arsa an tAthair Micheal Drumm.

“Tá an bhéim sna meáin á leagan ar cheist an tsainmheoin, ach sílim gur ceann de na rudaí is suimiúla faoi na suirbhéanna ná go bhfuil rogha teanga ag tuismitheoirí den chéad uair riamh,” arsa Drumm, atá ina chathaoirleach ar Pháirtnéireacht na Scoileanna Caitliceach chomh maith.

“Léireoidh na suirbhéanna go bhfuil éileamh ann don Ghaelscolaíocht, ta mé cinnte faoi sin. Aithnítear go forleathan go bhfuil éileamh ann don ghaelscolaíocht nár ligeadh amach.”

“Ní bheadh deacracht againn i bprionsabal teanga teagaisc scoile a athrú go Gaeilge. Gan amhras bheadh orainn plé a dhéanamh leis an bpobal áitiúil faoin mbealach a ndéanfaí sin.”

Tá na suirbhéanna i mbun i gcúig cheantar i dtosach báire; An tInbhear Mór, Caisleáin an Bharraigh, An Trá Mhór, Baile Átha Troim agus Fionnbhrú i mBaile Átha Cliath. Tá go dtí 9 Samhain ag tuismitheoirí na suirbhéanna a dhéanamh. Déanfar iad in 39 ceantar eile níos déanaí.

Beidh rogha ag tuismitheoirí pátrúin éagsúla a roghnú, ina measc, an Eaglais Chaitliceach, Eaglais na hÉireann, an Foras Pátrúnachta agus Ag Foghlaim le Chéile. Tá fáilte curtha ag an Foras Pátrúnachta roimh na suirbhéanna.

“Deis iontach é seo do thuismitheoirí ar mhaith leo oideachas lánGhaeilge a chur chun cinn ina gceantar,” arsa Ard-Rúnaí na heagraíochta, Caoimhín Ó hEaghra. “Más mian le tuismitheoirí scoil lánGhaeilge ba chóir dóibh na buntáistí atá leis a mhíniú do thuismitheoirí eile agus a dtacaíocht a lorg.”

Dúirt an tAire Oideachais Ruairí Quinn gur “deis stairiúil í seo do thuismitheoirí chun tírdhreach na bunscolaíochta a athchumrú do na glúine atá le theacht.”

www.gaelsceal.ie