Méid an Téacs

An Foras Pátrúnachta fógartha mar phátrún ar dhá Ghaelcholáiste úra

Iúil 26, 2012

Tá fógartha ag an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD go mbeidh  an Foras Pátrúnachta  mar phátrún ar dhá iar-bhunscoil nua  atá le hoscailt i nDún Droma agus i mBaile Brigín i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2014.

Fógraíodh sonraí breise maidir le pátrúnacht cheithre scoil déag atá le hoscailt sna blianta atá amach romhainn.

Tá formhór na scoileanna seo le hoscailt in oirthear na tíre,  sna bruachbhailte mórthimpeall ar Bhaile Átha Cliath ach beidh iar-bhunscoileanna le hoscailt i ndeisceart Chathair Chorcaí agus  i mBaile Chláir i gContae na Gaillimhe chomh maith.

Dúirt an tAire go raibh muinín aige “go gciallóidh na scoileanna nua seo, le hais na scoileanna tá cheana féin i ngach ceantar, go mbeidh rogha sásúil ag tuismitheoirí agus ag lorg an scoil is fearr a léiríonn a n-eiteas féin”.

Fógraíodh  tuilleadh sonraí maidir leis an nGaelcholáiste atá le hoscailt i mBaile Brigín agus is cosúil anois go mbeidh méid an Ghaelcholáiste á laghdú agus scoil Bhéarla eile a bhunú tar éis na bliana 2015,  de bharr gur suim leis an bpobal daltaí a chur chuig scoil Educate Together chomh maith.

Chomh maith leis sin,  is é an Foras Pátrúnachta a bheidh mar phátrún ar Ghaelcholáiste atá le hoscailt i nDún Droma i mí Mheán Fómhair 2014.

Tugadh aitheantas don éileamh a bhí ar  an ngaeloideachas i Maigh Nuad chomh maith agus tá beartaithe go n-osclófar Aonad Gaeilge sa scoil nua atá le hoscailt ansin nó sa scoil atá ann cheana féin i Maigh Nuad i gcomhairle leis an bhForas.

GAELPORT.COM