Méid an Téacs

An lucht léinn

Meán Fómhair 2, 2013

Creidtear go minic go mbíonn léachtóirí ollscoile ina suí go te i dtúr eabhair, ag déanamh taighde ar rudaí nach bhfuil suim ag a lán daoine iontu.

Ach caithfidh tú dul siar sa stair agus sa litríocht más mian leat litríocht an lae inniu agus saol an lae inniu a thuiscint fiú. An féidir le duine ar bith a rá gur saineolaí ar litríocht Bhéarla é, mar shampla, mura bhfuil Shakespeare léite aige? An bhfuil duine ar bith ábalta Éire i 2013 a thuiscint mura bhfuil eolas aige ar stair na tíre san 20ú haois?

Cé go ndéantar ‘taighde mionlacha’ in Ollscoil Uladh, tá ‘obair phraiticiúil’ ar siúl san Ollscoil fosta. Bhí beirt den fhoireann i gColáiste Mhig Aoidh ina n-eagarthóirí ar an iris An tUltach ar feadh roinnt blianta. Tá baint ag foireann na hOllscoile leis na foclóirí Gaeilge Collins – sraith atá thar a bheith úsáideach don fhoghlaimeoir.

Ó thaobh na gramadaí de, tá dhá leabhar ar bhriathair na Gaeilge agus teacsleabhair do dhaoine fásta foilsithe ag Art Hughes, agus tá Collins Easy Learning Irish Grammar scríofa ag Niall Comer. Bhí cuid de na léachtóirí ina múinteoirí scoile sular thosaigh siad ag teagasc san Ollscoil. Mar sin de tá a fhios acu riachtanais an fhoghlaimeora.

Tá an tOllamh Ailbhe Ó Curráin agus an Dochtúir Peadar Mac Gabhann ar bhunaitheorí Éigse Cholm Cille, a eagraíonn Scoil dheireadh seachtaine gach bliain. Is é an aidhm atá ag an Éigse ná oidhreacht litríochta an Iarthuaiscirt a chur chun cinn agus scríbhneoireacht nua sa Ghaeilge a spreagadh. Tá an ceangal seo idir an Ollscoil agus an ceantar ina bhfuil sí suite mórluachach.

Tá leabhair, ailt in irisí léinn, agus ábhar físe curtha amach ag an fhoireann Ghaeilge – agus téann gnáthobair na hOllscoile ar aghaidh ag an am céanna, ar ndóigh– cúrsaí céime agus traenáil taighdeoirí. Is léir go bhfuil ról lárnach ag Ollscoil Uladh i mbuanú na teanga.

www.derryjournal.com

Foilsithe ar Gaelport.com 2 Meán Fómhair 2013

Derry Journal – Liam Mac Lochlainn