Méid an Téacs

Bliain nua sa Naíonra i gCeatharlach

Meán Fómhair 11, 2013

Cuireadh tús le bliain nua i Naíonra Cheatharlach an tseachtain seo caite agus nach sona sásta atá na páistí óga ann. Bhí gach rud in ord agus in eagar dóibh ag na stiúrthóirí Lorraine Mhic Eoin agus Madeleine Seá.

‘Séard atá i gceist le Naíonra ná grúpa páistí réamhscoile a thagann le chéile go rialta trí Ghaeilge i dtimpeallacht taitneamhach faoi chúram stiúrthóirí cáilithe. Cuireann foireann an Naíonra gach deis ar fáil chun forbairt iomlán an pháiste a chur i gcrích. Modh an tsúgartha an cur chuige a leantar mar is é seo an modh foghlama is nádúrtha do pháistí den aois áirithe seo. Cuirtear rogha leathan d’imeachtaí agus de ghníomhaíochtaí éagsúla a oireann do pháistí idir aois a trí agus a cuig ar fáil go proifisiúnta agus go snasta dóibh maidin i ndiaidh maidine sa Naíonra.

Tá Naíonra Cheatharlach ag cur seirbhís, cúram agus oideachas réamhscoile ar fáil i gCheatharlach le breis is tríocha bliain. I seomra breá in Ionad Snámha, Graig Chuilinn a thagann an grúpa le chéile gach maidin ó 9.30-12.30. Tá an Naíonra rannpháirteach sa Bhliain Réamhscoile saor in aisce faoin Scéim um Chúram agus Oideachas Luath-Óige (ECCE). Faoin scéim seo is féidir le gach leanbh leas a bhaint as an mbliain réamhscoile sula dtosaíonn siad ar an mbunscoil. Maireann an Bhliain Réamhscoile Saor thar 38 seachtain le soláthar de 3 uair an chloig in aghaidh an lae ar feadh cúig lá sa tseachtain. Is féidir gach eolas a fháil ó Lorraine ag 085/7377041 nó ó Glór Cheatharlach ag 059/9158105.

www.carlow-nationalist.ie