Méid an Téacs

Brú le Gaelcholáiste úr a bhunú i ndeisceart Bhaile Átha Cliath

Meán Fómhair 8, 2010

TÁ MEÁNSCOIL nua Ghaeilge de dhíth i ndeisceart Bhaile Átha Cliath le cur le forbairt na teanga sa chathair, de réir lucht teanga.

Dúirt Lúgh Ó Braonáin, urlabhraí thar ceann Bhunchoiste Ghaelcholáiste Dheisceart Átha Cliath agus múinteoir, go raibh seacht mbunscoil Ghaeilge sa cheantar ach nach dtiocfadh leis an dá mheánscoil – Coláiste Íosagáin agus Coláiste Eoin – freastal mar ba cheart ar líon na ndaltaí a bhí ar lorg oideachais dara leibhéal trí mheán na Gaeilge.

Bhí áit ag an dá mheánscoil do 160 duine gach aon bhliain ach ba ghairid go mbeadh 300 páiste ag fágáil na mbunscoileanna Gaeilge agus bheadh ar mórán acu freastal a dhéanamh ar scoileanna príobháideacha agus táillí a íoc, a dúirt sé.

Chreid sé go raibh “an-bhrú” ar Choláiste Íosagáin agus Eoin. Ba scoileanna “iontach maith” iad ach bhí orthu “go leor páistí a dhiúltú” agus a bpolasaí iontrála a athrú i mbliana le freastal a dhéanamh ar éileamh na bpáistí a bhí ag iarraidh oideachas a fháil iontu.

“Rud uafásach,” a bhí ann, a dúirt sé, nach raibh seans ag an oiread sin páistí bunscoile deis oideachais dara leibhéal a fháil trí Ghaeilge.

Chuir lucht na nGaelscoileanna fuinneamh ina gcuid oibre le go mbeadh an teanga ag na páistí ach “stopann a n-oideachas i nGaeilge ag 12 bliain d’aois”.

Obair in aisce a bhí ann agus ba mhór an trua gurbh amhlaidh a bhí an scéal, a dúirt sé.

Bunaíodh Bunchoiste Ghaelcholáiste Dheisceart Átha Cliath sa bhliain 2004 le riachtanas meánscoile nua a chur chun cinn. Bhuail siad leis an iar-Aire Oideachais, Mary Hanafin, lena gcás a dhéanamh sa bhliain 2007.

Léirigh an grúpa go raibh na daltaí ann do Ghaelcholáiste nua ach bhí imní ar an Roinn Oideachais go mbeadh sé róchostasach scoil nua a thógáil i mBaile Átha Cliath theas an t-am sin.

D’aimsigh lucht an Ghaelcholáiste suíomh ar a raibh seanscoil dhúnta ó shin. Chreid siad go mbeadh an suíomh lárnach do dhaltaí bunscoileanna i ndeisceart na cathrach, go raibh sé fóirsteanach agus gurbh é an réiteach ab fhearr é le Gaelcholáiste idirchreidmheach, saor ó tháillí, do chailíní agus bhuachaillí a bhunú.

Thuig lucht na scoile nach raibh airgead le cur amú ag an Roinn faoi láthair ach mheas siad go bhféadfaí an suíomh nua a chóiriú ar €2 milliún, airgead nach raibh chomh mór sin i gcomparáid le scoileanna nua a thógáil nó obair atógála a dhéanamh ar sheanscoil.

Bhí siad ar bís le bualadh leis an Aire nua Oideachais, Mary Coughlan, lena gcuid pleananna a phlé léi mar go raibh spéis aici i nGaeilge. Ní raibh cruinniú socraithe léi go fóill, ámh.

Idir an dá linn, bhí siad ag iarraidh ar dhaoine dul ar líne agus achainí ar son na scoile nua a shíniú ag www.gaelcholaiste.com agus a dtacaíocht don scoil nua a léiriú.

Lena chois sin, d’fhógair Forbairt Naíonraí Teo gur osclaíodh 18 naíonra Ghaeilge nua an tseachtain seo caite. Tá na naíonraí lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Port Láirge, Liatroim, Cill Dara, Cill Mhantáin, Ciarraí, Loch Garman agus san Iarmhí. Cúig naíonra nua a osclaíodh sa bhliain 2009.

Dúirt cathaoirleach Fhorbairt Naíonraí Teo, Máire Uí Bhriain, gur chuir na naíonraí cúram leanaí ar chaighdeán ard ar fáil agus gur thug siad tacaíocht do thuismitheoirí a bhí ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge.