Méid an Téacs

Buntáiste Breise na Gaeilge i gCeatharlach

Feabhra 3, 2011

Mar chuid dá gcamchuairt timpeall na tíre beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhar le Glór Cheatharlach ag eagrú seimineáir ghairmeacha dar teideal ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ do dhaoine óga san Ostán Dolmen i gCeatharlach ar an Déardaoin, 24 Márta 2011.

Beidh aoíchainteoirí ag labhairt ag an ócáid faoina dtaithí féin leis an nGaeilge agus na buntáistí agus na deiseanna éagsúla a thug an Ghaeilge dóibh agus iad ag dul i mbun gairm bheatha Seo é an t-aonú seimineár déag dá shaghas atá á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le cúpla bliain anuas.  Tá na seimineáir dírithe ar dhaltaí iarbhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre.

Le linn an tseimineáir pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge do dhaoine óga agus iad  ag dul i mbun a ngairme beatha. Mar chuid den seimineár cuirfear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tabharfar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoíchainteoirí labhairt. Beidh ionadaithe ó roinnt institiúidí tríú leibhéal i láthair chomh maith, chun eolas a thabhairt faoi na deiseanna oideachais atá ann trí mheán na Gaeilge. Má tá spéis ag scoileanna freastal ar an ócáid seo is féidir tuilleadh eolais faoin seimineár a fháil ó Glór Cheatharlach ar 085 1340047 nó glaoch a chur ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag 01 6794780 nó rphost a chur chuig brighid@comhdhail.ie

The Nationalist – Glór Ceatharlach