Méid an Téacs

Camchuairt Bhuntáiste Breise na Gaeilge 2010

Samhain 22, 2010

Chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge tús le himeachtaí Bhuntáiste Breise na Gaeilge sa bhliain 2008, agus i mbliana, d’fhreastal an ócáid seo ar os cionn 2000 dalta scoile fud fad na tíre, le hócáidí á reáchtáil i gCill Airne, i nGaillimh, i gCaisleán an Bharraigh, i Leitir Ceanainn, i gCorcaigh, i mBéal Feirste, agus ar an Tulach Mhór.

I measc siúd  a labhair ag an seimineár ar an Tulach Mhór, bhí an t-iriseoir spóirt, Evanne Ní Chuilinn, Ateangaire de chuid an Aontais Eorpaigh, agus léachtóir de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Susan Folan, an t-iománaí agus an múinteoir bunscoile, Daragh Egan, oifigeach forbartha de chuid Chomharchumann Ráth Chairn, Bríd Ní Chofaigh, agus an t-iriseoir le TG4 agus RTÉ Irene Ní Nualláin

Thug na cainteoirí ar fad léargas an-spéisiúil faoina rólanna féin, agus conas ar bhain siad amach na gairmeacha atá acu i láthair na huaire.  Chuir na daltaí an-spéis sa seimineár, rud a bhí ríshoiléir, ó na ceisteanna breátha a chur siad ar an bpainéal tar éis na cainte.

Bhí ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastán eolais, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.
Tá súil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge tógáil ar dea-obair na bliana 2010, trí sraith eile de Bhuntáiste Breise na Gaeilge a eagrú mórthimpeall na tíre arís san athbhliain.