Méid an Téacs

Campa Samhraidh do Ghaeilgeoirí óga Ard Mhacha

Iúil 15, 2011

Bhí an Ghaeilge le cloisteáil go soiléir in Ard Mhacha le cúpla seachtain anuas, fadis a bhí campa samhraidh bliantiúil an bhaile faoi lánseoil, mar atá CampaMhacha.

Bhain 80 páiste ó ghaelscoileanna an cheantair an-sult as an champa, a bhí lonnaithe in Áisionad Bhóthar na hArdeaglaise.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an champa seo nó go minic is é an t-aon deis a bhíonn ag na páistí Gaeilge a úsáid taobh amuigh den scoil agus bhí lúchair ar na ceannairí agus ar lucht a eagraithe go ndearna na páistí ar fad an-iarracht a dteanga féin a úsáid i rith laethanta saora an tsamhraidh.

D’fhreastail an chéad seachtain ar pháistí idir 4 bliain agus 7 mbliain d’aois agus ar na himeachtaí a cuireadh ar siúl dóibh, bhí turas chuig príomhionad ársa Uladh ag Eamhain Mhacha, turas ar zú Bhéal Feirste agus spraoi agus cluichí ag Kool Kidz.

Bhí an t-ádh ar na páistí go raibh Rannairí Ard Mhacha istigh ar cuairt acu ar an Aoine, grúpa a bhfuil cáil dhomhanda bainte amach acu. D’eagraigh na ceannairí neart imeachtaí eile dóibh ag an ionad, idir ealaín, sport, rince, amhránaíocht agus déanamh ceibeabanna torthaí.

Bhí páistí idir 8 mbliain agus 12 bliain i láthair don dara seachtain a bhí chomh pacáilte céanna. Cuireadh tús leis an tseachtain le turas chuig Plainéadlann Ard Mhacha le hionc ar an seó iontach Gaeilge atá acu. D’imigh siad ar thuras ar an Mháirt le turas a fháil i nGaeilge thart ar cheann de na staideanna is mó agus is fearr san Eoraip, mar atá Páirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath. Bhí lá spraoi speisialta ag na páistí ag an Ionad Allamuigh i mBuíochar, Contae Muineacháin agus bhain na páistí an-sult ar fad as an sleamhnú ar chlabar.

Bhí ceardlann damhsa ar siúl Déardaoin leis an Ghaeilgeoir Siombábach, Tura Arutura. Cuirfear deireadh leis an dara seachtain den champa inniu le mórcheiliúradh agus lá spraoi teaghlaigh. Léiríonn rath an champa seo go bhfuil an Ghaeilge faoi rath agus bláth agus go bhfuil éileamh forásach ar theanga dhúchais Ard Mhacha agus na hÉireann.

www.gaelport.com