Méid an Téacs

Ciorcail Ghaeilge na seachtaine i gCeatharlach

Márta 4, 2014

Mar chuid d’Fhéile na Gaeilge i gCeatharlach cuirfear fáilte roimh chách ag an gciorcal comhrá “Is Leor Beirt” sa Leabharlann, Sráid na Tulaí, Ceatharlach amárach Dé Céadaoin, 5ú Márta ó 10.30 go 11.30r.n.

Agus beidh fáilte chomh maith ag Gaeilge Le Chéile, an teacht le chéile míosúil trí Ghaeilge, ar an Déardaoin, 6ú Márta i dTigh Reddy, Sráid na Tulaí. Is ansin a thagann daoine le chéile ar an gcéad Déardaoin de gach mí ag 9.00i.n. chun taitneamh a bhaint as caint, comhrá agus comhluadar trí Ghaeilge agus cuirtear fíorchaoin fáilte roimh dhaoine nua i gcónaí. Is deiseanna iontacha iad na ciorcail seo chun an Ghaeilge a labhairt go sóisialta agus aithne a chur ar chainteoirí Gaeilge eile sa cheantar. Beidh fáilte faoi leith roimh fhoghlaimeoirí agus tabharfar gach seans dóibh an teanga a chleachtadh i dtimpeallacht chompordach. Bí ann ach go háirithe i rith Fhéile na Gaeilge agus fáilte!

www.carlow-nationalist.ie