Méid an Téacs

Comhdháil Bhliantúil Chomhairle na Gaelscolaíochta

Márta 9, 2010

D’oscail an tAire Oideachais, Caitríona Ruane, Comhdháil Bhliantúil Chomhairle na Gaelscolaíochta a bhí ar siúl i gColáiste Feirste, Béal Feirste Dé hAoine seo caite go hoifigiúil agus chuir sí in iúl don slua a bhí i láthair go raibh i gceist aici athbhreithniú ar an nGaelscolaíocht a chur ar bun go luath ina mbeadh an bhéim ar an gcomhionannas.

Ag labhairt di faoin athbhreithniú dúirt sí: “Soláthraíonn sé bealach chun tosaigh atá cuimsitheach, cruthaitheach agus straitéiseach agus cinntíonn sé go bhfuil an earnáil mar chuid den chóras, seachas taobh amuigh de.”

Labhair sí faoin bhfís atá aici d’fhorbairt na hearnála amach anseo agus go raibh i gceist aici an comhionannas a chur chun tosaigh sa chóras scoile ina mbeadh “ an deis chéanna ag gach páiste bheith rathúil, beag beann ar a gcúlra socheacnamaíoch, ar a n-inscne, ná ar a gcine” Reáchtáil Comhairle na Gaelscolaíochta an chomhdháil i gcomhpháirt le Comhairle na Gaelscolaíochta agus na Boird Oideachais agus Leabharlann sa cheantar.

Pléadh ag an gcomhdháil  modhanna measúnaithe éifeachtúla, foghraíocht agus modhanna éagsúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn i scoileanna.

Anuas air sin, pléadh na fadhbanna is mó a bhíonn ag cur as do scoileanna ar bhonn laethúil. D’fhógair sí go raibh i gceist aici scéim phíolótach a chur ar bun chun dul i ngleic le fadhbanna bainteach leis an gcóras taistil. “Toisc go bhfuil sé níos fusa do pháistí teacht ar an Ghaelscolaíocht beidh mo Roinn ag tástáil scéim phíolótach do bhusanna scoile ainmnithe ar roinnt bealaí.”

Thagair sí freisin don bhuairt atá léirithe ag scoileanna cóiríocht chuí chompordach a chur ar fáil chomh maith: “Tá a fhios agam go bhfuil saincheisteanna áirithe a bhaineann le hearnáil na Gaelscolaíochta, lena n-áirítear an gá atá le cóiríocht níos fearr agus socruithe iompair atá níos fearr. Chuir mé £2m ar fáil d’Iontaobhas na Gaelscolaíochta lena chinntiú gur féidir tabhairt faoi fhadhb na droch-chóiríochta atá ag roinnt scoileanna a luaithe agus is féidir.”

©www.gaelport.com 09 Márta 2010