Méid an Téacs

Amhras léirithe faoi ionadaíocht na Gaelscolaíochta i suirbhéanna na Roinne

Eanáir 29, 2013

Glacadh céimeanna suntasacha le mí anuas i dtreo bunscoileanna i 44 ceantar a dhífheistiú ó stiúir na hEaglaise Caitlicí.

Cé go bhfuarthas dea-scéala ó thaobh na Gaelscolaíochta de an tseachtain seo caite nuair a fógraíodh go n-osclófar gaelscoil nua i gceantar Chill Dara ag deireadh na bliana seo, tá imní á léiriú ag eagrais Ghaeilge agus ag an bhForas Pátrúnachta maidir le hionadaíocht na suirbhéanna a cuireadh amach go dtí seo le linn an phróisis dífheistithe.

Léirigh torthaí na suirbhéanna a cuireadh amach i gcúig cheantar roimh an Nollaig go raibh 4-10% ag lorg athruithe ar phátrúnacht sna bunscoileanna ina gceantair.

Chomh maith leis sin, léiríodh nár ghlac céatadán maith de thuismitheoirí sna cheantair sin páirt san fheachtas ar chor ar bith.

Tá baol ann, mar sin, nach bhfuil mian cheart an phobail ó thaobh na Gaelscolaíochta á léiriú sna torthaí.

An tseachtain seo caite, sheol an tAire Oideachais suirbhé eile i 38 ceantar ar fud na tíre maidir le pátrúnacht bunscoileanna.

Níl fáil ar ghaelscoil i 9 gceantar ón 38 ceantar sin – An Pasáiste, Ros Cré, Biorra, Ceanannas, Ros Mhic Triúin agus na Sceirí, Mullach Eadrad, Port Mearnóg agus Baile Formaid/Séipéal Iosóid/Baile Phámar.

Is cosúil, áfach, go bhfuil an tAire den tuairim nach mbeidh scoileanna nua le hoscailt sna ceantair tuaithe atá luaite ach go mbeidh an deis ann labhairt leis na pátrúin atá ann maidir le pátrúnacht na mbunscoileanna a aistriú ón Eaglais Chaitliceach.

Tá eagraíochtaí Gaeilge ag impí ar thuismitheoirí sna ceantair sin suirbhéanna a líonadh amach agus a dtacaíocht a léiriú don ghaelscolaíocht agus an Foras Pátrúnachta a roghnú mar phátrún úr ar na bunscoileanna.

Tá sé fíorthábhachtach go dtuigfeadh tuismitheoirí go bhfuil rogha na gaelscolaíochta ar fáil má tá éileamh ann sa cheantar ina bhfuil siad agus nach mbaineann ábhar na suirbhéanna le cúrsaí reiligiúin amháin.

Iarrfar ar thuismitheoirí an suirbhé a chomhlíonadh roimh 8 Feabhra 2013. Tá gach eolas maidir leis an athleasú pátrúnachta ar fáil ar www.foras.ie agus is féidir teacht ar leagan leictreonach den suirbhé ar www.education.ie.

Foilsithe ar Gaelport