Méid an Téacs

Craobh cheoil sa chathair

Aibreán 10, 2013

Beidh craobhchomórtas Siansa Gael Linn ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath, Dé Domhnaigh agus an tUachtarán, Mícheál D. Ó hUiginn, i láthair.

Beidh ocht ngrúpa de cheoltóirí traidisiúnta ag dul in iomaíocht do thrófaí Gael Linn agus seic ¤2,500. Tháinig na ceoltóirí slán ó dhá réamhbhabhta le bheith sa chraobh. Tugadh deis cheardlainne le ceoltóirí proifisiúnta do bhaill na ngrúpaí – ar 12-19 bliain d’aois a bhformhór – le cruthaitheacht agus nuálaíocht stíle a spreagadh. Ba iad an boscadóir ceoil ó Chiarraí, Breanndán Ó Beaglaoich ó Beginish agus Boys of the Lough agus an fidléir ó Dhún na nGall, Ciarán Ó Maonaigh, a bhunaigh an grúpa Fidil, a thaispeáin an bealach dóibh.

Beidh Breanndán agus Ciarán ar ais sa chraobhchomórtas mar mholtóirí in éindí le réalta cheoil eile, Mary Bergin. Bunaíodh Siansa Gael Linn sa bhliain 2001 le ceol agus amhránaíocht thraidisiúnta i nGaeilge a chur chun cinn. Tá grúpaí as Gaillimh, Doire, Port Láirge, Luimneach, Baile Átha Cliath agus Sligeach páirteach sa chraobh i mbliana.

www.irishtimes.com