Méid an Téacs

‘Croíról’ ag Altram – Roinn Oideachais an Tuaiscirt

Meitheamh 30, 2014

Tá an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann le “maoiniú eatramhach” a chur ar fáil don eagras réamhscolaíochta, Altram – eagras atá i ndiaidh a maoiniú a chailleadh ó Fhoras na Gaeilge – ach eagras a bhfuil “croíról” ag a gcuid seirbhísí sa Ghaeloideachas, de réir na roinne. Thug an Roinn Oideachais le fios i ráiteas inniu go mbeadh “easnamh” i maoiniú Altram “le haghaidh seirbhísí réamhscolaíochta i ndiaidh na n-athruithe a thug Foras na Gaeilge isteach mar gheall ar chinneadh de chuid na hAireachta Thuaidh Theas anuraidh”.

Dúirt Aire Oideachais an Tuaiscirt, John O’Dowd (SF), go raibh Altram ag soláthar “réimse de shaintacaíocht thábhachtach d’earnáil na réamhscolaíochta Gaeilge. Tá éiginnteacht ag baint faoina bhfuil i ndán do chuid de na seirbhísí. I bhfianaise na tábhachta atá, dar liom féin, leis an chroíról atá ag seirbhísí oideachais luathbhlianta maidir le soláthar fhíseanna agus chuspóirí na Roinne tá socraithe agam roinnt maoiniú gearrthéarmach idirthréimhseach a chur ar fáil le seirbhísí a chosaint san eastodhchaí.

“Comhairle na Gaelscolaíochta a bhainisteoidh an maoiniú le seirbhísí riachtanacha tacaíochta a chothabháil sa soláthar réamhscolaíochta Gaeilge. Tá rún agam fosta an dóigh le seirbhísí a chur ar fáil don earnáil seo a athbhreithniú lena chinntiú gur féidir bealach chun cinn níos straitéisí a shocrú agus a fheidhmiú chomh luath agus is féidir”.

Bhí Altram ar cheann de na grúpaí a chaill maoiniú ó Fhoras na Gaeilge i ndiaidh gur chuir an foras atheagar ar an earnáil dheonach agus laghdaíodh líon na n-eagras ó 19 go sé cinn. Tá na sé cheanneagraíocht in ainm tús a chur lena ré nua ar an tseachtain seo chugainn ach níl eolas cruinn ar fáil faoi láthair cé mhéad duine a bheas fostaithe acu. Tá cainteanna ar siúl idir na ranna thuaidh agus theas, an foras agus na heagraíochtaí iad féin faoin cheist seo i rith an ama.

www.irishtimes.com