Cruinniú Cinn Bhliana Chomhar na Múinteoirí Gaeilge
Samhain 16, 2010
Beidh Cruinniú Cinn Bhliana Chomhar na Múinteoirí Gaeilge á reáchtáil ar an Satharn, 20 Samhain in Óstán Alexander, Sráid na bhFíníní, Baile Átha Cliath 2. Beidh fáilte roimh chách chuig cur i láthair a dhéanfaidh An Dr. Muiris Ó Laoire ar bhealaí praiticiúla leis an nGaeilge labhartha a chur chun cinn sa seomra ranga.
Déanfaidh sé cur síos ar straitéisí leis an nGaeilge labhartha a chleachtadh agus le cumas na ndaltaí a mheas.
Tabharfar neart leideanna úsáideacha do mhúinteoirí le daltaí a ullmhú don Bhéaltriail leasaithe Ardteiste 2012, a mbeidh 40% de mharcanna á bhronnadh uirthi.
Anuas air sin, seolfar Teagasc na Gaeilge 9, iris Chomhar na Múinteoirí Gaeilge a dhíríonn ar cheisteanna a bhaineann le teagasc agus le
foghlaim na Gaeilge.
Tuilleadh eolais ar fáil ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge: (01) 639 8448/5 nó seol ríomhphost chuig anna@cnmg.ie/ saffron@cnmg.ie