Méid an Téacs

Cuireadh Chun Cainte le seoladh i rith Oireachtas na Samhna

Samhain 1, 2011

Tugtar cuireadh don phobal bheith i láthair ag seoladh oifigiúil an DVD Cuireadh Chun Cainte le linn Oireachtas na Gaeilge, ar Dé hAoine 04 Samhain, ag 6pm, sa Seomra Onóra de chuid an INEC, Cill Airne.

Treoir phraiticiúil ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge atá sa chlár ‘Cuireadh Chun Cainte,’ atá curtha i láthair ag Marcus Lamb, dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoi Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta ó 2012 ar aghaidh.

Tugann an clár seo léargas do mhúinteoirí agus do dhaltaí ar cad le bheith ag súil leis sa scrúdú agus cén struchtúr a bheidh air. Cuirfidh an ghné seo na daltaí ar a suaimhneas agus iad ag ullmhú don scrúdú.  Tá an clár seo oiriúnach do dhaltaí ag gach leibhéal cumais mar go mbeidh comhairle phraiticiúil ann maidir le conas na botúin choitianta a sheachaint agus le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an scrúdaitheoir.

Tá an pacáiste teagaisc seo oiriúnach do mhúinteoirí agus do dhaltaí araon agus tá sé feiliúnach do scoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht, Gaelcholáistí agus scoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc iontu.

Tá an seoladh oifigiúil den DVD agus den áis teagaisc oscailte do chách agus bronnfar DVD in aisce ar gach duine a bheidh i láthair.  Beidh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh agus Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Muireann Ní Mhóráin i láthair ag an ócáid mar aíonna speisialta chun an áis teagaisc seo a sheoladh.  Iarrtar orthu siúd a mbeidh ag freastal ar an ócáid a n-ainmneacha a chlárú don seoladh roimh ré le Cillian ag 01 679 4780, cillian@comhdhail.ie.

Chuir An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Foras na Gaeilge, agus Líonra Proifisiúnta Múinteoirí maoiniú ar fáil don áis teagaisc ‘Cuireadh Chun Cainte’.

©Foilsithe ar Gaelport.com