Méid an Téacs

Cuireann Foras stop le maoiniú d’irisí Gaeilge

Márta 12, 2014

Tá imní mhór á léiriú ag earnáil na n-irisí Gaeilge faoi chinneadh Fhoras na Gaeilge deireadh a chur lena maoiniú reatha ó thús mhí Iúil ar aghaidh.

Cuirfear críoch leis an chóras reatha maoinithe do na heagraíochtaí bunmhaoinithe an 30 Meitheamh agus tá sé tugtha le fios anois ag an eagras trasteorann go mbeidh impleachtaí ag an chinneadh sin don airgead a chuirtear ar fáil d’fhormhór na n-irisí clóite agus idirlín. Tiocfaidh deireadh leis an mhaoiniú a fhaigheann iris Chonradh na Gaeilge, Feasta; iris Chomhaltas Uladh, An tUltach; agus suíomh Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelport.

Foilseachán

Ní leanfar ach an oiread leis an mhaoiniú a bhí á chur ar fáil don iris chultúir Nós ná don iris idirlín Beo.ie. Ciallaíonn sé sin gurb í an iris litríochta agus chúrsaí reatha, Comhar, an t-aon fhoilseachán míosúil atá slán ón chiorrú seo ar na meáin. Deir Seán Ó Murchadha, bainisteoir An tUltach, gur chuir fógairt an Fhorais an-iontas ar choiste na hirise, atá 90 bliain ar an fhód i mbliana. “Tá fearg shoiléir ar phobal na Gaeilge faoi láthair faoin ghearradh siar agus faoin easpa seirbhísí atá ar fáil dúinn ach dealraíonn sé gur cuma le Foras na Gaeilge faoin mhíshástacht mhór seo atá le sonrú fad fad na tíre,” arsa Seán. “Is bocht an scéal é má tharlaíonn sé nach mbeidh ann ach iris amháin Ghaeilge atá á maoiniú ag an stát agus is é pobal na teanga féin a bheas thíos leis an ghanntanas éagsúlachta seo.”

Dar le hEagarthóir Nós ( ar chlé), Tomaí Ó Conghaile, go ndéanfaidh an iris chultúir agus stíl bheatha a seacht ndícheall leanúint ar aghaidh in ainneoin na gciorruithe. “Is drochscéal é seo do na meáin Ghaeilge,” ar seisean. “Mar sin féin bhí meon deonach, pobalbhunaithe ag Nós ón tús agus beidh muid ag fiosrú bealaí úra chun airgead a ghiniúint don togra.”

Tá sé ráite ag Foras na Gaeilge go bpléifear féidearthachtaí leis na foilsitheoirí éagsúla ach ní fios fós cén struchtúr maoinithe a bheidh ar fáil.

www.independent.ie