Méid an Téacs

Daltaí ag baint ardmharcanna Gaeilge amach sna GCSEanna

Lúnasa 30, 2010

Cé gur tháinig ísliú ar an líon daltaí a roghnaigh teangacha mar ábhair do na GCSEanna i dTuaisceart na hÉireann i mbliana, go háirithe Fraincis, bhí an líon daltaí a rinne an scrúdú Gaeilge i gcomhréir le anuraidh.

Is cúis dóchais é sin do lucht na Gaeilge ó thuaidh. Rinne 2161 dalta scrúdú Gaeilge sna GCSEanna i mbliana, rud a chiallaíonn go bhfuil na leibhéil iontrála i gcomhréir le anuraidh, nuair a rinne 2163 dalta an scrúdú.
Tháinig ardú ar an líon daltaí a bhain grád A*-C amach sa scrúdú Gaeilge, ó 89.3% go 90.1%.

Tuairiscíodh an tseachtain seo go raibh ardú ar an líon daltaí i dTuaisceart na hÉireann a bhain grád A*-C amach sna GCSEanna.
Tá an dalta is óige a bhain GCSE amach i nGaeilge aon bhliain déag d’aois, agus tá an dalta is sine seachtó seacht bliain d’aois.
Bhí 76.3% de na torthaí sa chatagóir sin, i gcomparáid le 69% i Sasana agus áiteanna eile. I measc na scoileanna a bhain marcanna maithe amach sna GCSEanna tá Coláiste Feirste, Gaelcholáiste i mBéal Feirste.

Deir Micheál Mac Giolla Ghunna, Príomhoide Choláiste Feirste, go raibh torthaí GCSE den chéad scoth ag daltaí na scoile.
“Is léir go bhfuil na torthaí s’againne inchurtha le scoth na scoileanna in aon earnáil. Bhain 78% dár gcuid daltaí amach an toradh tagarmhairc de chúig nó níos mó GCSE ag gráid A*-C. Tagann sé seo i ndiaidh torthaí Ardleibhéil an-mhaithe an tseachtain seo caite.”
Deir sé gurb “iontach na torthaí” seo mar gurb é Coláiste Feirste an t-aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge sa Tuaisceart.
“Léiríonn na torthaí seo gur féidir leis an Ghaelscolaíocht barr feabhais a bhaint amach ag an leibhéal is airde trasna na n-ábhar uilig,” ar sé. “Ghnóthaigh na daltaí s’againne gráid A* in ábhair mar Mhata Breise, na hEolaíochtaí, an Ealaín, Staidéir Spóirt agus ar ndóigh an Ghaeilge. Bhí ráta pas de 100% againn sa Tíreolaíocht, san Ealaín agus sa Fhraincis agus bhí roinnt ábhar eile a raibh ráta pas thar 90% acu.”

Is as ceantair faoi mhíbhuntáiste sóisialta 83% de dhaltaí na scoile agus in ainneoin an tearc-infheistithe agus easpa acmhainní i gcomparáid le scoileanna in earnálacha eile, tá an scoil ag feidhmiú go han-mhaith ag an leibhéal is airde, dar leis an Uasal Mac Giolla Ghunna.
Ó thaobh inscne de, d’éirigh níos fearr le buachaillí agus cailíní go ginearálta sna scrúduithe GCSE i mbliana, ach mar is gnách bhí na cailíní chun tosaigh maidir leis na hardmharcanna. D’éirigh le 11% de chailíní an barrmharc de A* a fháil, i gcomparáid le 6.9% de bhuachaillí.

Tá ísliú suntasach tagtha ar an méid daltaí atá ag fágáil na scoile gan cúig GCSE, ó 47.4% in 2005-2006 go 41.6% in 2008-2009. Mar sin féin, is céatadán ard é 41.6% agus seans gur figiúr é a chuirfeadh iontas ar mhórán daoine

Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
27 Lúnasa 2010