Méid an Téacs

Dea-scéal do sheirbhísí teanga sa Ghaeltacht

Meán Fómhair 14, 2012

Fógraíodh an tseachtain seo go gcuirfidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta breis agus €¾ milliúin ar fáil mar mhaoiniú do chúntóirí teanga sa Ghaeltacht.

D’fhógair an tAire Dinny McGinley go soláthrófar €150,000 sa bhreis ar dheontas na bliana seo caite a chuirfidh leis an bhforbairt atá déanta ar sheirbhísí chúnamh teanga sa Ghaeltacht le cúpla bliain anuas. Ceadaíodh €762,378 san iomlán do Mhuintearas agus d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun Scéim na gCúntóirí Teanga a reáchtáil sa Ghaeltacht sa scoilbhliain 2012/13.

Agus é ag fógairt an deontais dúirt an tAire Stáit “Aithním an tábhacht atá leis an scéim seo mar chuid dílis de chur i bhfeidhm córasach an Chláir Tacaíochta Teaghlaigh agus is cinnte go n-eascróidh tairbhe as an deontas méadaithe atá curtha ar fáil do pháistí na Gaeltachta agus dá dtuismitheoirí atá tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge ina dteaghlaigh”.

Leis an deontas is déanaí san áireamh tá breis is €1.6 milliúin ceadaithe ag an Roinn do thograí éagsúla Gaeltachta le trí mhí anuas.

Ceadaíodh €300,000 do thionscadail Gaeltachta le linn mhí an Mheithimh idir €100,000 a soláthraíodh do Chumann Lúthchleas Gael Chomhairle Chonnacht, €10,000 d’obair bheag athchóirithe i gColáíste Uisce agus €29,000 d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i Corca Dhuibhne.

Léirigh an an tAire a chuid tacaíochta do cheol, damhsa agus amhránaíocht na gceantar Gaeltachta le hallúntas €12,000 a ceadaíodh d’fhorbairt Chonamara Láir Teo chun uirlisí ceoil a cheannach, deontas €110,000 a bronnadh ar Ghaelacadamh an Spidéil i mí an Mheithimh, agus €20,000 breise a ceadaíodh i mí Iúil le cur le forbairt ar na healaíona dúchasach an Spidéil. Dúirt an tAire go bhfuil “ról lárnach agus leanúnach ag an nGaelacadamh i gcur chun cinn ceol dúchasach na Gaeltachta agus táimid go mór faoi chomaoin dóibh féin agus na múinteoirí atá fostaithe acu, agus is léir go bhfuil toradh fiúntach ar a gcuid oibre”.

Mar aon le cultúir agus traidisiúin na Gaeltachta, cuirtear le háiseanna turasóireachta agus pobail sna míonna romhainn mar thoradh ar dheontas na Roinne a fógraíodh ag deireadh an tsamhraidh. Ceadaíodh €256,000 Chomharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua le foirgneamh a cheannach a bheas mar halla pobail agus cóiríocht don choláiste Gaeilge.

Ceadaíodh €180,260 san iomlán mar chostas athchóirithe agus oibreacha feabhsúcháin ar na hoileáin Ghaeltachta; Árainn Mhór, Toraigh, Inis Fraoich, Inis Oírr, Béara agus Oileán Baoi.

Fógraíodh deontas €50,000 i mí Iúil do Chomhlacht Traenach na Gaeltachta Láir, le ceantar agus oidhreacht Loch Fhinne a chur chun cinn ó thaobh turasóireachta de agus €45,000do Choiste Pobail na Tulaigh, Baile na hAbhann le hathchóiriú an halla phoiblí a chur i gcrích.

Is féidir tuilleadh eolais maidir le maoiniú na Roinne a fháil ar www.ahg.gov.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com