Méid an Téacs

Deiseanna Fostaíochta le Gaeilge faoi chaibidil san Iarthuaisceart

Deireadh Fómhair 18, 2011

Ag dhá ócáid spreagúla spleodracha i gCora Droma Rúisc agus i gCarraig Mhachaire Rois seachtain ó shin, labhair aoichainteoirí atá ag obair i réimsí éagsúla oibre trí Ghaeilge le suas le 500 dalta meánscoile faoin mbuntáiste breise a thug an Ghaeilge dóibh agus iad ag dul i mbun a ngairmeacha beatha.

Ag slua mór i gCora Droma Rúisc i gContae Liatroma labhair Mícheál Ó Domhnaill, fear  atá ina láithreoir Seó Spóirt ar TG4 agus a bhunaigh an comhlacht Omedia a dhéanann cláir theilifíse a léiriú leis an mbreis is 300 scoláire a bhí i láthair.

Thug Micheál léargas ar na buntáistí a bhí aige go raibh Gaeilge agus Spáinnis aige rud a chabhraigh go hollmhór leis ina shaol gairmiúil sna meáin chumarsáide.

Labhair an craoltóir cumasach Barbara Nic Dhonnacha bean óg ata tar éis gradam PPI Craoltóir Ceoil na bliana 2011 a chrochadh léi le déanaí. Rinne Barbara cur síos cuimsitheach ar an bpost an-suimiúil atá aici ag cur i láthair clár dátheangach ‘Ar Éileamh’ ar iRadio.

Cúrsaí aistriúcháin, drámaíochta, cultúir agus ceoil thraidisiúnta a bhí faoi chaibidil ag Freda Nic Giolla Chatháin as Contae na hIarmhí.  Chuir Freda síos ar na réimsí éagsúla oibre a dtugann an Ghaeilge deis dí tabhairt fúthu.

Rinne Ciarán Mac an Bhaird fear atá ina léachtóir le Gnó agus Bainistíocht in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath cur síos ar na bealaí ar shealbhaigh seisean an teanga sa Ghalltacht agus ar chúrsaí oideachais agus na deiseanna fostaíochta iontacha atá amuigh ansin.  Chuir sé in iúl don lucht éisteachta gur buntáiste iontach í an Ghaeilge agus is cuma cén áit sa domhan ina bhfuil tú.

Phléigh Rossa Ó Snodaigh cúrsaí Gaeilge sa phobal agus chuir sé síos ar an mbuntáiste a thug an Ghaeilge dó siúd agus é ag taisteal an domhain ag seinm ceoil leis an mbanna ceoil clúiteach Kíla.  Dúirt Rossa leis na daltaí a bheith bródúil as an teanga agus chuir sé in iúl dóibh gur a bhuíochas leosan é má bhíonn an Ghaeilge beo sa bhliain 2050.
I gCarraig Mhachaire Rois ar an gCéadaoin bhí painéal d’aoichainteoirí den scoth ag cur síos ar an nGaeilge ina gcuid gairmeacha beatha. Ina measc bhí Gráinne McElwain  as Baile Átha an Fhóid in aice leis an Bhoth i gCo. Mhuineacháin.

Thug Gráinne léargas iontach ar a post spéisiúil mar thuairisceoir ar an tsraith rugbaí Magners agus ar na cláir Health Squad, Seó Spóirt ar TG4 agus Loach Gael. Thug sí comhairle don lucht éisteachta maidir le post a shealbhú san earnáil.

Thug Réamonn Ó Ciaráin as Ard Mhacha osradharc cuimsitheach ar na slite beatha éagsúla ar féidir iad a bhaint amach má chuireann tú spéis sa Ghaeilge, agus na cúrsaí tríú leibhéal ábhartha do na slite beatha sin. Thug sé cuntas ar an réimse difriúil oibre a bhíonn ar siúl aige mar Bhainisteoir Réigiúnach i gCúige Uladh le Gael Linn.

Léirigh na haoichainteoirí go léir do na daltaí a bhí i láthair, nach gá gurb as an nGaeltacht thú chun gairm bheatha a bhaint amach i saol na Gaeilge.

Rinne Carmel Uí Chiosóg Mhic Gabhann, leabharlannaí i Leabharlann Cheannais Mhic Sheáin i gCo an Chabháin cur síos iontach ar na dúshláin a bhain le Gaelscoil Bhreifne a bhunú sa chontae i lár na nóchaidí, Thug sí léargas iontach ar an mbealach a n-úsáideann sise a cuid Gaeilge ag cur chun cinn imeachtaí pobail agus ag eagrú féilte agus imeachtaí dála Fhleadh Ceoil na hÉireann in áit nach bhfuil an teanga le cloisteáil go forleathan ar bhonn laethúil.

Mar chuid den seimineár cuireadh fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí a bhí i láthair agus tugadh cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoichainteoirí labhairt, le seisiún ceisteanna agus freagraí.
Comhghairdeas le Gráinne Carty ó Phobalscoil Naomh Attracta a bhain amach an duais mhór de €425 – scoláireacht Ghael Linn de bharr an cheist is fearr a chur le linn an tseimineáir i gCora Droma Rúisc agus le Fionnuala Ní Chathmhaoil ó Choláiste Oiriall a bhain amach €425 de scoláireacht Gael Linn i gCarraig Mhachaire Rois.

Is iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a eagraíonn an seimineár Buntáiste Breise na Gaeilge, agus faoi dheireadh na bliana seo beidh sé cinn déag de na seimineáir seo eagraithe agus freastal déanta ar suas le 4,300 dalta scoile ó gach cearn den tír orthu.

Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fíorbhuíoch de Gael Linn, Coláiste Uisce, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Scoil Surfáil Freedom i bPort Láirge a dhéanann urraíocht ar na duaiseanna do na seimineáir seo.
Beidh trí sheimineár eile á reáchtáil ag an gComhdháil idir seo agus deireadh na bliana:
Déardaoin, 17 Samhain 2011- Coláiste Feirste i mBéal Feiste
Dé Máirt 22 Samhain 2011 – Ionad: Óstán An Strand i gCathair Luimnigh
Dé Céadaoin, 23 Samhain 2011 – Óstán na Páirce i nDún Garbhán, Co. Phort Láirge

Más múinteoir scoile tú sna ceantair nó in aice leis na ceantair seo agus más spéis le do scoil páirt a ghlacadh i seimineár déan teagmháil go luath le Brígíd ag 01 679 4780 / brighid@comhdhail.ie
Tá tuilleadh eolais faoi na seimineáir Buntáiste Breise na Gaeilge ar fáil ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Gaelport.com/bbnag.