Dhá Aip nua ó Chúla4
Samhain 15, 2012
Bainfidh paistí óga lán na súl as an dá Aip nua, Cúlacaint2 agus OLLY an Veain Bheag Bhán a sheol TG4 ag an Oireachtas.
Tá siad dírithe ar pháistí réamhscoile agus iad ar fáil saor in aisce ó iTunes don iPhone agus iPad trí “Cula4” nó “TG4” a chur isteach mar fhocal cuardaigh. Tá an dá Aip ag cur leis an stór ábhar atá ar fáil ó TG4 do pháistí, mar atá; Cúlacaint; na cluichí idirghníomhacha Gaeilge atá ar fáil ar www.cula4.com agus ábhar ar an Seinnteoir www.tg4.tv. Deir Lís Ní Dhálaigh ó TG4 gur forbairtí suntasacha iad seo “tá páistí na linne seo thar a bheith grinnchúiseach ina roghanna féachana agus ní foláir ábhar den scoth a bheith againn le cur ina láthair. Is ardú croí dúinn an úsáid fhorleathan atá á baint as Cúlacaint – an chéad Aip a chuireamar ar fáil. Seolfar ceann eile, Ag Spraoi le Claude, dírithe ar an aoisghrúpa céanna seo, roimh dheireadh na Samhna.”
www.advertiser.ie