Méid an Téacs

€5,000 do Chomórtas nua Meánscoileanna

Samhain 4, 2010

Tá comórtas nua fógartha ag Glór na nGael, comórtas do Mheánscoileanna na tíre ar fad, chun na scoileanna a spreagadh clár imeachtaí Gaeilge a eagrú sa scoil.

Is comhfhiontar é an comórtas seo idir Ghlór na nGael agus an nuachtán Gaeilge, Foinse. Iarrfar ar scoileanna Cumann Gaelach na Mac Léinn a bhunú agus beifear ag súil go n-eagróidh an Cumann Gaelach sraith imeachtaí Gaeilge lasmuigh den seomra ranga i gcaitheamh na bliana. Le cur isteach ar an gcomórtas caithfear plean imeachtaí bliana a sheoladh chuig Glór na nGael. Tabharfaidh Oifigeach na Mac Léinn cuairt timireachta ar na scoileanna a chláraíonn, ait a míneofar an comórtas agus déanfar na daltaí a spreagadh chomh maith.  Déanfar gearrliosta ansin bunaithe ar na pleananna agus déanfar moltóireacht ar na hiarratais is fearr.

Beidh EUR5,000 mar luach saothar ag buaiteoir an comórtas náisiúnta agus bronnfar duais ar na buaiteoirí cúige chomh maith. Is turas ranga chuig Ionad Eachtraíochta Delphi atá mar dhuais i gcás Chúige Connacht. Is cúis áthais ag Foinse go mbeidh cur síos ar obair chumann faoi leith le  léamh i bhFoinse gach seachtain go mí an Mhárta agus fógrófar buaiteoirí an chomórtais le linn Seachtain na Gaeilge 2011. Tá gach eolas le fáil ach teagmháil a dhéanamh le hAodhán Ó Deá ag 086-3102691 nó aodhan@glornangael.ie.

Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
4 Samhain 2010