Méid an Téacs

Fás teoranta seachas gluaiseacht ag an ghaelscolaíochta ó Thuaidh?

Feabhra 15, 2013

Tá sé ráite ag Seamus Mac Seáin, duine de lucht Bhóthar Seoighe a bhunaigh an chéad bhunscoil lánGhaeilge ó Thuaidh in 1971 nach bhfuil ag éirí le Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) gníomhú de réir na n-achmhainní a bhronn an rialtas uirthi agus gur cheart go mbeadh “i bhfad níos mó scoileanna bunaithe faoin am seo.”

Dar leis an ghníomhaire teanga clúiteach Mac Seáin, d’éirigh i bhfad níos fearr le hiarrachtaí Ghaeloiliúint, grúpa neamhspleách oideachais, thar thréimhse deich mbliana sna 90í ná mar a d’éirigh le CnaG ó shin.

Tharraing Mac Seáin aird ar na 15 bhunscoil agus na cúig aonad a bhunaigh Gaeloiliúint ó 1991-2000 agus é seo déanta “ar i bhfad níos lú acmhainní.” Tháinig CnaG chun cinn mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, le comhordú a dhéanamh ar an Ghaelscolaíocht sna Sé Chontae, cúram a bhí ag Gaeloiliúint go dtí sin.

“Cé go bhfuil a thrí oiread daoine ag obair le Comhairle na Gaelscolaíochta, ní dheachaigh siad i bhfeidhm ar an ghaelscolaíocht mar a bheinn ag súil.

“Is de bharr easpa monatóireachta agus iniúchta nár baineadh amach na cuspóirí a bhí de dhualgas orthu a bhaint amach i mo thuairim-se. Tá fócas nua atá de dhíth ar CnaG bunaithe ar fhorbairt scoileanna nua,” ar seisean.

“Bhí mé ariamh den bharúil go gcaithfeadh 60 bunscoil ar a laghad a bheith sna Sé Chontae le go mbeadh an meas criticiúil againn leis an Ghaelscolaíocht a dhéanamh buan. Tá sé ag baint i bhfad barraíocht ama an meas criticiúil sin a bhaint amach,” a dúirt Mac Seáin.

De réir figiúirí CnaG, tá 3, 393 páiste cláraithe in 28 bunscoil lánGhaeilge agus seacht n-aonad Gaeilge (atá ag feidhmiú taobh istigh de bhunscoileanna Béarla), sna Sé Chontae faoi láthair.

Tá ardú 1,081 tagtha ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar bhunscoileanna lánGhaeilge agus ardú 358 ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar ‘aonaid’ Ghaeilge ag leibhéal bunscoile le deich mbliana anuas.

Maíonn an Dr. Gabrielle Nic Uidhir, bunaitheoir Ghaeloiliúint, atá anois ina léachtóir sa choláiste oiliúna, Coláiste Mhuire, go bhfuil forbairt straitéiseach na Comhairle ag dul i bhfeidhm ar bhealach leanúnach ar an ghaeloideachas ó Thuaidh.

“Ní féidir a bheith ag súil leis an bhorradh céanna is a chonaic muid ag an tús. Tá níos mó teaghlach ag roghnú na gaelscolaíochta agus tá daoine ag tacú leis an scoileanna atá ann,” ar sí.

Dar le Nic Uidhir, tá gaelscoileanna ag leathnú amach ó na cathracha chuig na ceantracha tuaithe le roinnt blianta anuas agus tá ‘fás teoranta ach leanúnach’ ar an ghaeloideachas sna Sé Chontae.

I ráiteas a chuir Micheál Ó Duibh, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, chuig Gaelscéal, dúirt sé go bhfuil an “mórfhás faoi ghaelscoileanna a tharla ar feadh na 80í agus 90í ag leanúint ar aghaidh sna 2010í” agus go bhfuil CnaG ag obair chun 88 gaelscoil (idir leibhéal naíscoile, bunscoile agus iarbhunscoile) a bheith bunaithe faoi 2020, má leanann an fás.

“Tá Comhairle na Gaelscolaíocht ag obair chuige go mbeidh áit mar is ceart ag an Ghaelscolaíocht ar bhord stiúrtha ÚSO agus ag féachaint chuige go mbeidh struchtúr cuí ann san údarás úr le riar mar is ceart a dhéanamh ar earnáil na Gaelscolaíochta, ar phleanáil ceantair agus ar fhorbairt na hiarbhunscolaíochta chomh maith.”

Dar le Janet Muller, Príomhfheidhmeannach de chuid Phobal, scáth eagras Gaeilge ó Thuaidh, a bhí ar bhord Chomhairle na Gaelscolaíochta “cruthaíonn na figiúirí go bhfuil fás ar an Ghaelscolaíocht, cinnte, ach, go dtaispeánann siad cé chomh fadálach is atá luas an fháis le deich mbliana anuas, agus cé chomh teoranta is atá na féidearthachtaí aistrithe ó leibhéal na bunscolaíochta go leibhéal na hiarbhunscolaíochta.”

Creideann Muller go caithfidh an Roinn Oideachais amharc go cúramach anois ar na bealaí a comhlíonann sí a cuid dualgas a leagadh síos i gComhaontú Aoine an Chéasta maidir leis an Ghaelscolaíocht ‘a spreagadh agus a éascú’.

Measann Feargal Mac Ionnrachtaigh, as an eagraíocht Forbairt Feirste go bhfuil forbairt agus inmharthanacht na Gaelscolaíochta ó Thuaidh go fóill ag brath ar dhíograiseoirí logánta a bhíonn ag obair ón bhun aníos.

‘Bíodh is go bhfuil stádas reachtúil ag an ghaeloideachas ó 2000 is léir go bhfuil géarghá le straitéis fheachtasaíochta éifeachtach le dul i ngleic leis an mhoilleadóireacht agus doicheall i dtaobh aitheantais, forbairt curaclam agus acmhainní oideachasúil go fóill,” a dúirt Mac Ionnrachtaigh.

Go dtí seo, tá meánscoil lán-Ghaeilge amháin agus ceithre shruth meánscoile ó Thuaidh. Beidh anailís i nGaelscéal ar fhás na gaelscolaíochta ag leibhéal meánscoile an tseachtain seo chugainn.

www.gaelsceal.ie