Méid an Téacs

Forógra Gaeilge agus Gaeltachta foilsithe ag an gComhdháil

Feabhra 8, 2011

Ag eascairt as an seimineár poiblí a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath ar an 3 Feabhra, beidh éilimh thoghchánaíochta á chur faoi bhráid na bpáirtithe polaitíochta.

Ar na ceisteanna a pléadh ag seimineár poiblí a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath ar 3 Feabhra, cíoradh an Ghaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta, an Ghaeilge sa Státchóras, tacaíochtaí do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus plean feidhmithe chuige sin, agus ceist fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.  

Éilimh Toghchánaíochta 2011

An Ghaeltacht

• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear na hacmhainní agus na tacaíochtaí cuí ar fáil  d’Údarás na Gaeltachta chun leanúint dá chúram fiontraíochta sa Ghaeltacht.
• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear gach tacaíocht ar fáil do theaghlaigh ar mian leo a bpáistí a thógáil trí Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus ar ndóigh timpeall na tíre.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

• Éilíonn an Chomhdháil go mbunófar na struchtúir chuí d’fhonn Straitéis 20 Bliain na Gaeilge a chur i gcrích go héifeachtach agus go héifeachtúil, agus go mbainfear gach leas as saineolas agus scileanna earnáil dheonach na Gaeilge chuige seo.

• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar cúraimí Údarás na Gaeltachta a shoiléiriú trí na cúraimí seo a dhaingniú i reachtaíocht chuí agus go leagfar síos clár ama d’achtú na reachtaíochta riachtanaí seo, agus go gcuirfear bonn reachtúil faoin Straitéis dá réir.

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais

• Éilíonn an Chomhdháil go dtabharfar tacaíocht iomlán don Ghaeilge mar chroí-ábhar ag leibhéal na hArdteistiméireachta, agus mar bhunchritéir iontrála do chúrsaí tríú leibhéal.

• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar soláthar sa chóras oideachais chun curaclam Gaeilge a chur ar fáil go leibhéal na hArdteistiméireachta a thógann san áireamh sainriachtanais daltaí atá líofa sa Ghaeilge.

• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcóras oideachais, d’fhonn bealaí feabhais a aimsiú chun cur le líofacht Gaeilge na ndaltaí ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile.

• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar freastal i gcónaí ar éilimh thuismitheoirí i dtaca le soláthar oideachas trí Ghaeilge.

An Ghaeilge sa státchóras

• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm go hiomlán agus go forleathan i measc an státchórais.

• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar atheagar ar chórais an Stáit chun seirbhísí feabhsaithe trí Ghaeilge a sholáthar go réamhghníomhach do phobal na Gaeilge.  Chuige sin, molann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go dtabharfar faoi idirdhealú dearfach i bpróisis earcaíochta an státchórais i bhfabhar siúd atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.

Ag labhairt dó ag an seimineár poiblí, dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Criostail: “Teastaíonn go mbeidh polasaithe a fheidhmítear i dtaobh na Gaeilge, faoi chlár an chéad Rialtais eile, bunaithe ar fhianaise agus dea-chleachtas pleanála teanga, ar mhaithe le seasamh na Gaeilge a neartú.  Eascraíonn éilimh toghchánaíochta na Comhdhála as saineolas na hearnála, mar aon le héilimh an phobail.

“Rachaidh an Chomhdháil i mbun stocaireachta chun gealltanais na bpáirtithe polaitíochta i dtaobh na n-éileamh seo a dheimhniú”, a dúirt sé .   

Tá tuilleadh eolais faoin seimineár seo ar fáil ag www.gaelport.com/seiminearpoibli.