Méid an Téacs

Gaeloideachas

Nollaig 10, 2012

‘Ní ualach an t-oideachas, ach is ualach mór an t-aineolas.’

Ach cad is oideachas ann? Is próiseas é ina bhfoghlaimíonn páiste maireachtáil ar dhóigh shásúil, ag baint suilt as a bhfuil thart timpeall air, ón taobh fisiciúil de, ón taobh cultúrtha de agus ón taobh spioradálta de.

Ag an am seo den bhliain, tá tuismitheoirí ag smaoineamh ar an sórt oideachais ba mhaith leo a bpáistí a fháil. Ba chóir don chóras oideachais an páiste a dhéanamh réidh do shaol atá níos lú, do shaol idirnáisiúnta, do shaol ina bhfuil daoine ag taisteal níos mó. Tá scileanna de dhíth anois nach raibh chomh tábhachtach sin roinnt blianta ó shin.

Aontaíonn achan duine go bhfuil na teangacha an-tábhachtach sa lá atá inniu ann. Maidir leis seo, tá deis ag páistí i nDoire agus Inis Eoghain tús maith a dhéanamh ina gcuid oideachais, agus líofacht a fháil in dhá theanga taobh istigh de chúpla bliain.

Tá trí Ghaelscoil i nDoire a bhfuil naíscoil acu chomh maith: Bunscoil Cholmcille, Gaelscoil Éadain Mhóir , agus Gaelscoil na Daróige; tá Gaelscoil cois Feabhail i mBun an Phobail, tá Gaelscoil i mBun Cranncha, agus tá Gaelscoil Adhamhnáin i Leitir Ceanainn. Tá Gaelscoil i Léim an Mhadaidh agus i nDún Geimhin, agus Gaelscoileanna eile ar an Srath Bán, ar an Ómaigh, i Machaire Fíolta agus i Machaire Rátha. Agus tá naíscoil i gCarn Domhnach.

Tugann dhá theanga muinín do pháiste, osclaíonn siad a aigne, agus baineann seisean sult as an éacht. Is féidir tús a chur le teanga eile sa mheánscoil, ach go minic, tá sin rómhall. Is féidir beagán de theanga eile a theagasc do dhaltaí sa bhunscoil, tríd an mháthairtheanga.

Ach má fhoghlaimíonn páistí an dara theanga trí thumoideachas, éiríonn siad líofa go luath agus go nádúrtha. Téann siad ó theanga amháin go teanga eile gan smaoineamh. Cuireann siad suim i dteangacha eile. Tá dul chun cinn iontach déanta ag an Ghaeloideachas: tá sé ar fáil i ngach contae in Éirinn anois.

Tá thart fá 50 meánscoil agus 200 bunscoil lán-Ghaeilge ag feidhmiú taobh amuigh den Ghaeltacht. Bá chóir do thuismitheoirí an cheantair dianmhachnamh a dhéanamh ar an chóras oideachas seo a bhfuil fás thar chuimse air ar fud na tíre.

Má tá suim agat sa Ghaeloideachas déan coinne le do Ghaelscoil áitiúil. Beidh an fhoireann breá sásta ceist ar bith a fhreagairt.

www.derryjournal.com