Méid an Téacs

Gaelscoil nua do Chill Dara

Eanáir 17, 2013

Tá fáilte curtha ag an bhForas Pátrúnachta roimh an gcinneadh go n-osclófaí Gaelscoil i mBaile Chill DaraI MÍ Mean Fómhair seo chugainn.
D’fhógair an Roinn Oideachais tráth go raibh an baile ar cheann den 44 ceantar ina raibh suirbhéanna le déanamh ar thuismitheoirí maidir le pátrúnacht. Dúirt an Roinn an tseachtain seo go raibh sé le baint ón liosta toisc go raibh dóthain fianaise curtha faoina bhráid ag an bhForas Pátrúnachta go bhfuil éileamh ann don Ghaelscolaíocht.

Dúirt an tAire Oideachais, Ruairí Quinn, chomh maith go bhfuil bunscoil ag Educate Together i mBaile Chill Dara cheana féin.

“Tá ríméad orainn do mhuintir Chill Dara a,” arsa Ard-Rúnaí an Fhorais, Caoimhín Ó hEaghra. “Tá éileamh ollmhór do scoil lánGhaeilge sa cheantar rud atá léirithe sna liostaí feithimh a bhíonn ag na scoileanna lánGhaeilge eile sa cheantar.” “Tá an Foras Pátrúnachta buíoch don Roinn as freagra dearfach a thabhairt ar ár n-iarratas ar son Chill Dara.”

Beidh an scoil nua ar an seachtú bunscoil lánGhaeilge i gCill Dara. Tá na cinn eile lonnaithe i mBaile Átha Í, i gCill Droichid, i gCill Choca, sa Nás, i Léim an Bhradáin, i Maigh Nuad agus ar an gCurrach, gar don Droichead Nua.

www.gaelsceal.ie