Méid an Téacs

Gaelscoil Nua oscailte i nDún Geimhin

Meán Fómhair 14, 2012

D’OSCAIL Gaelscoil Neachtain i nDún Geimhin, Co Doire, don chéad uair Dé Luain. Tá 63 dalta ar an scoil faoi láthair.

Cuireadh tús leis an scoil naoi mbliain ó shin, mar shruth Gaeilge i mBunscoil Naoimh Chainnigh ar an bhaile.

Gaelscéal na seachtaine seo : Fuil, Foréigean agus Fuarchúiseachas : Fear dúnmharaithe i mBÁC i lár an lae – tuairisc ón láthair; Samhail Nua Mhaoinithe diúltaithe 100% – 3,000 aighneacht i gcoinne na Samhla; Aistriúcháin ó Bhéarla na leabhair is mó díola i nGaeilge

Cuireadh an iarratas chuig an Seirbhís Pleanála ó thuaidh an seachtain seo caite le síneadh a chur leis an scoil.

Is scoil rialaithe é Gaelscoil Neachtain. De ghnáth, luaitear an earnáil sin le scoileanna a dhéanann freastal ar an phobal Protastúnach.

Dúirt Nodlaig Ní Bhrollaigh, Cathaoirleach choiste na scoile, gur mar scoil rialaithe a bhí an tacaíocht ab fhearr le fáil.

“Bhíomar istigh mar aonad, ní raibh an spás againn le forbairt,” ar sise. “Ní raibh ach beirt mhúinteoir againn. Anois tá príomhoide againn.”

Tá Iníon Uí Bhrollaigh iontach sásta leis an tacaíocht a fuair siad ó Bhord Oideachais agus Leabharlainne an Iarthair (WELB).

“Tá siadsan ag foghlaim faoin Ghaeloideachas chomh maith,” ar sise.

Dar léi go bhfuil tábhacht leis an stádas nua. “Tá sé tábhachtach don Ghaeloideachas go bhfuilimid ag oscailt doirse do dhaoine sa phobal,” ar sise.

“Tá fhios againn nach bhfuil sin ag dul a tharlú thar oíche.”

Bhíodh scoil rialaithe i nDún Geimhin. Druideadh sin ceithre bliain ó shin. Tá ath-chóiríú le déanamh ar an bhfoirgneamh agus tá Gaelscoil Neachtain le haistriú isteach ann i gcionn 18 mí.

Idir an dá linn, tá sé lonnaithe i mBunscoil Naoimh Chainnigh ar fad. Thosaigh 25 páiste ar an naíscoil i mbliana.

GAELSCÉAL