Méid an Téacs

Gaelscolaíocht faoi ionsaí

Nollaig 16, 2011

Dar leis an eagraíocht Gaelscoileanna Teo, a thugann tacaíocht do scoileanna lán- Ghaeilge, go bhfuil gaelscoileanna na tíre faoi ionsaí ag an rialtas.

Táthar buartha go n-éireoidh cás na ngaelscoileanna, idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna, níos measa ndiaidh na cáinaisnéise a fhógrófar Dé Luain agus Dé Máirt seo chugainn.

Deir siad go bhfuil líon na ndaltaí i ranganna i ngaelscoileanna méadaithe agus tá thart ar 50% de na scoileanna lán-Ghaeilge ag feidhmiú i gcóiríocht shealadach agus mhí-oiriúnach.

Deirtear go bhfuil sé níos deacra ag scoileanna nua aitheantas a fháil agus go bhfuil níos mó scoileanna ná riamh ag feidhmiú faoi mhíbhuntáiste. Ar na deacrachtaí is mó a bheidh ag an ghaelscolaíocht amach anseo ná cóimheas na múinteoirí le daltaí.

Faoi láthair, tá an cóimheas sna gaelscoileanna ar aon leibhéal leis na scoileanna Béarla agus iarradh ar roinnt scoileanna idir 17-23 dalta sa bhreis a thabhairt isteach sa scoil i mí Mheán Fómhair 2011 lena gcuid múinteoirí a choimeád.

Cailleadh post múinteora i suas le 31 scoil agus cailleadh dhá phost múinteora i gceithre scoil eile agus bhí ar na príomhoidí dul ar ais sa seomra ranga i 6 scoil. Maidir le tús na scoilbhliana seo chugainn, tá  Gaelscoil Dhroichead na Bandan i gContae Chorcaí dóchasach go mbeidh siad in ann bogadh isteach in iar-ionad snámha sa cheantar a dúnadh in 2008.

Beidh an t-ionad seo níos oiriúnaí dóibh ná na seomraí réamhdhéanta a bhí in úsáid acu go dtí seo. Chomh maith leis sin, d’aistrigh daltaí agus múinteoirí ó Ghaelscoil Uí Dhrisceoil i gCorcaigh ón gclub rugbaí a bhí in úsáid acu isteach in iar-óstán i nDún Citil. Is í Siobhán Ní Chatháin, príomhoide na scoile, a thionscnaigh an togra seo. Labhair sí leis an bhforbróir Seamus Geaney a bhí chun an t-óstán a oscailt arís ach bheartaigh sé nach raibh sé indéanta mar gheall ar an gcúlú eacnamaíochta.

Dar le Coláiste Íosagáin sa phríomhchathair nach mbeidh an oiread céanna fadhbanna ag scoileanna seanbhunaithe ach tuigeann siad go mbíonn deacrachtaí ag scoileanna foirgneamh nua a fháil agus deir siad go mbíonn deacrachtaí ag bunscoileanna freisin.

Gaelscéal – Katie McGreal