Imeachtaí Phuball na Gaeilge ag Electric Picnic fógartha
Iúil 27, 2016
Beidh ceol, filíocht agus draíocht ar an stáitse sa Phuball Gaeilge ag Electric Picnic na bliana seo, a bheidh ar siúl an 2 – 4 Meán Fómhair sa Sráidbhaile i gContae Laoise.
Fógraíodh an tseachtain seo cuid de na ceoltóirí agus grúpaí eile a bheidh ar an stáitse sa Mindfield ag an deireadh seachtaine. Maítear ar shuíomh oifigiúil na féile go mbeidh Puball Gaeilge na bliana “níos mó ná riamh” agus go gceiliúrfar “gach a bhfuil iontach faoin nGaeilge” ann.
Ar chlár na bliana seo beidh Tara Mooney, ceoltóir as Contae an Chláir; Tebi Rex, ceoltóirí pop agus rap as Maigh Nuad; Tura Arutura, an Siombábach Gaelach; agus Niamh de Barra, ceoltóir clasaiceach a úsáideann an cello agus an guth lúbtha le ceol nua a chruthú.
Beidh filí ‘Reic’ i láthair freisin agus an ócáid sin á cur i láthair ag Ciara Ní Éanacháin agus an ‘Cabaret Craiceáilte’ á cur i láthair ag an gcraoltóir mór le rá Rónán Mac Aodha Bhuí.
Beidh an draíodóir Paul Gleeson ann lena sheó draíochta ‘Rua’ agus seisiún ‘Google Gaeilge Karaoke’ nuair a bheidh deis ag an lucht freastail iarracht a thabhairt faoi amhráin pop ó na 1980í a cuireadh trí Google Translate a chanadh os comhair an tslua.
Reáchtálfaidh lucht eagraithe na féile Imbolc, a bhíonn ar siúl i mí Feabhra i Múscraí, imeacht sa Phuball Gaeilge freisin – leagan dá bhféile féin ina dtugtar cainteanna gairide faoi ábhair éagsúla.
Tá ticéid don Electric Picnic díolta amach le tamall anuas.