Méid an Téacs

Insealbhú an Choimisinéir Teanga nua

Márta 26, 2014

Tá Rónan Ó Domhnaill ceaptha ag an Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn mar an Coimisinéir Teanga nua. Is as Conamara ó dhúchas dó agus d’oibrigh sé le seacht mbliana anuas mar chomhfhreagraí polaitíochta le Nuacht RTÉ agus TG4 agus mar bhall d’Aonad Polaitíochta RTÉ.

Tagann Rónán mar chomharba ar Sheán Ó Cuirreáin, a d’éirigh as an bpost toisc gur mheas sé gur beag eile a d’fhéadfadh sé a bhaint amach go pearsanta i dtaobh cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. I measc na gcúiseanna leis an gcinneadh thagair Ó Cuirreáin do lagú chóras na scéimeanna teanga, easpa inniúlacht Ghaeilge an státchórais, agus cinneadh an Rialtais cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga a aistriú chuig Oifig an Ombudsman.

Ag labhairt dó i ndiaidh a cheapacháin in Áras an Uachtaráin, dúirt an tUasal Ó Domhnaill gur ‘pribhléid agus onóir mhór’ dó a bheith ceaptha ina Choimisinéir Teanga agus dúirt go bhfuil i gceist aige an fód a sheasamh do phobal na Gaeilge, a gcearta teanga a chosaint agus na dualgais reachtúla atá anois air a chomhlíonadh le fuinneamh agus le díograis.

www.carlow-nationalist.ie