Méid an Téacs

Lá eolais do na polaiteoirí

Aibreán 14, 2011

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag eagrú lá eolais do pholaiteoirí mar chuid den phróiseas comhairliúcháin maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Beidh an lá eolais ar siúl in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath, ar Dé Céadaoin, 1 Meitheamh. Is é seo an tríú bliain as a chéile go bhfuil lá stocaireachta eagraithe acu. Tá Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge ag tabhairt cuiridh do Theachtaí Dála agus Seanadóirí bualadh leo le cúrsaí oideachais na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 a phlé le hionadaithe ón dá eagraíocht. Beidh daoine i láthair freisin óna dáilcheantair éagsúla ar fud na tíre le labhairt lena bpolaiteoirí féin ag an lá eolais. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Seo deis do Theachtaí nua dul i mbun comhairle le hionadaithe Chonradh na Gaeilge agus Ghuth na Gaeltachta i dtaca le cúrsaí teanga, agus is seans í do pholaiteoirí gur bhuaileamar leo cheana caidreamh níos láidre a chothú le pobal na Gaeilge agus iad féin a thabhairt suas chun dáta ar chúrsaí reatha na Gaeilge agus na Gaeltachta.”

Deir Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: “D’éirigh le pobal na Gaeilge dul i bhfeidhm go mór ar na polaiteoirí roimh an olltoghchán le déanaí, agus thug gach páirtí le fios sna forógraí a bhí acu go seasfaidís leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.” Déanfar plé freisin ar an lá eolais ar chuid de na moltaí fiúntacha a bhí i bhforógraí na bpáirtithe maidir le múineadh na Gaeilge agus conas an teanga a chur chun cinn sa chóras oideachais ag an lá eolais.

Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha