Méid an Téacs

Láithreoir Óg á lorg ag RnaG

Aibreán 11, 2013

Mar chuid de Sheachtain na nÓg ar RTÉ, tá Raidió na Gaeltachta ag tabhairt deise do láithreoir óg an clár Béal Maidine a láithriú i dteannta Neansaí Ní Choisdealbha ar an Domhnach 21 Aibreán.

Bíonn Béal Maidine á chraoladh maidin Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ó 8.00 – 10.00r.n. le hÁine Hensey sa chathaoir ar an Satharn, agus Neansaí ar an Domhnach. Cloistear rogha breá ceoil ar na cláir, mar aon le hiarratais agus cur síos ar ócáidí ceoil. Má tá suim agat a bheith san iomaíocht, seol taifead chuig Raidió na Gaeltachta ina gcuireann tú píosa ceoil i láthair as Gaeilge. Ní mór é a dhéanamh roimh Dé Céadaoin seo chugainn, 17 Aibreán, agus ar ndóigh caithfidh tú a bheith ar fáil ar an Domhnach dar gcionn. Beidh Neansaí ag lorg iarrthóir le Gaeilge mhaith, tuiscint ar an gceol agus stíl dheas láithreoireachta. Seol d’iarratas chuig ceolbinnn@rte.ie nó Comórtas Bhéal Maidine, Raidió na Gaeltachta, Casla, Co. na Gaillimhe. Gach eolas ar www.rte.ie/rnag nó leathanach Facebook Raidió na Gaeltachta.

www.advertiser.ie/galway