Méid an Téacs

Leasú reachtaíochta ó Pháirtí an Lucht Oibre chun polasaithe iontrála scoileanna lán-Ghaeilge a chosaint

Nollaig 19, 2016

Tá leasú a thabharfadh cosaint do pholasaithe iontrála i scoileanna lán-Ghaeilge i reachtaíocht nua á chur chun cinn ag Páirtí an Lucht Oibre.

Thug an Seanadóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, Aodhán Ó Ríordáin le fios inné go raibh leasú ar an An Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 á chur chun cinn aige féin agus iarcheannaire a pháirtí, an Teachta Dála, Joan Burton.

Dúirt an Seanadóir Ó Ríordáin nach go héasca a cuireadh abhaile air gur ghá leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht chun cosaint a thabhairt do cheart scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do pháistí a bhfuil Gaeilge acu.

Thacaigh urlabhraí oideachais Shinn Féin, Carol Nolan le héileamh lucht an ghaeloideachais go ndéanfaí an reachtaíocht nua a leasú chun a chinntiú go mbeidh cead ag scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt ina bpolasaithe iontrála do pháistí a bhíonn á dtógáil le Gaeilge.

Rinne Gaeloideachas agus an grúpa tuismitheoirí Cearta Oideachais cur i láthair inné ag an gcruinniú de chuid an Choiste Oideachais. Dúirt an Dr Ríona Ní Fhrighil ón ngrúpa Cearta Oideachais nár chóir go mbeadh “ord fiúntais” ann maidir le cearta mionlaigh agus gur chóir don reachtaíocht nua oideachais aitheantas a thabhairt do chearta teanga na bpáistí atá á dtógáil le Gaeilge.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, gur “ceart bunúsach” é ag scoileanna go dtabharfaí cosaint do theanga teagaisc agus do theanga an phobail acu.

Dúirt Ní Ghreácháin gur ghá an Bille a leasú le cosaint a thabhairt don Ghaeilge féin agus do chur chuige an luath-thumoideachais.

Dúirt ionadaithe an dá ghrúpa Gaeilge go raibh lucht an ghaeloideachais go mór ar son an iolrachais agus na héagsúlachta agus gur chuid den iolrachas sa chóras oideachais an éagsúlacht teanga.

Baineann an reachtaíocht nua le scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, mar a tharlaíonn níos minice i gcás Gaelscoileanna ná scoileanna eile. De réir figiúirí Gaeloideachas bíonn ró-éileamh i gceist i gcás 29% de bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus 22% d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge.

Dúirt an Seanadóir neamhspleách, Lynn Ruane gur “céim ar gcúl” a bheadh ann leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht chun tús áite a thabhairt do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge. Cé nach raibh Gaeilge aici féin, a dúirt sí, bhí Gaeilge ag a hiníon atá ag freastal ar Ghaelscoil. Dúirt an Seanadóir Ruane gur “údar imní” a bhí sa chaint ar an reachtaíocht a leasú agus gur chóir díriú ar theaghlaigh a iompú ar an nGaeilge seachas “bac” a chur ar pháistí nár tógadh trí Ghaeilge.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an Dr Ríona Ní Fhrighil ó Cearta Oideachais nach cainteoirí dúchais iad ach 3% de na daltaí sa chóras gaelscolaíochta agus nach dtiocfadh ceist teanga an teaghlaigh i gceist ach i gcás a mbeadh ró-éileamh ar scoil.

Dúirt sí gur chun leas iarrachtaí daltaí eile an Ghaeilge a fhoghlaim é go dtabharfaí cosaint don mhionlach cainteoirí dúchais líofa a fhreastalaíonn ar ghaelscoileanna.

Tá imní ar lucht an ghaeloideachais go gcuirfidh An Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016, a bhfuil tús curtha lena aistear trí Thithe an Oireachtais, cosc ar pholasaithe iontrála scoile a thugann tús áite do dhaltaí a bhfuil Gaeilge acu.

Cé nach bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge ná an Ghaeilge féin luaite go sonrach sa reachtaíocht nua, tá lucht an ghaeloideachais buartha faoi dhá fhoráil de chuid an Bhille, go háirithe.

Faoi alt 64 den Bhille, beidh ar an Aire Oideachais agus Scileanna rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna a mbeadh ró-éileamh orthu diúltú do dhalta bunaithe ar ‘academic ability, skills or aptitude’.

Chuirfeadh rialachán dá leithéid cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí, bunaithe ar a gcumas teanga.

Má achtaítear an Bille beidh dualgas ar an Aire faoin alt céanna, Alt 64, rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna iallach a chur ar dhalta, nó a thuismitheoirí, teacht chun agallaimh, lá oscailte nó cruinniú de shaghas eile mar choinníoll iontrála.

Is minic leas á bhaint as agallaimh ag scoileanna a bhfuil polasaí Gaeilge acu chun measúnú a dhéanamh ar chumas teanga.

Tá sé i gceist ag an Aire Richard Bruton go n-achtófaí an bille nua, a d’fhoilsigh sé i mí Iúil, roimh Mheán Fómhair 2017, mar atá geallta i gclár an Rialtais.

Tuairisc.ie