Méid an Téacs

Líonra nua ar líne

Samhain 7, 2013

Rinneadh an líonra sóisialta SpeakTalkChat.com a sheoladh an deireadh seachtaine seo caite ag Oireachtas na Gaeilge.

Ar an líonra nua is féidir cuardach a dhéanamh chun teacht ar dhaoine bunaithe ar na teangacha a labhraíonn siad, an leibhéal cumas teanga atá acu nó an saghas caitheamh aimsire atá acu. Ansin, má tá ceamara agat ar do ríomhaire, is féidir físchomhrá a dhéanamh leo. Is féidir le daoine fásta, déagóirí nó lucht oideachais cuntas a chruthú ar an líonra. Leis an gcuntas oideachas is féidir le bunscoileanna, meánscoileanna, ollscoileanna agus seomraí ranga do dhaoine fásta ar fud na cruinne nascadh le rang eile ar an aoisghrúpa/bliain scoile/leibhéal foghlamtha céanna.

Deir Julianne Ní Chonchobhair Stiúrthóir Margaíochta SpeakTalkChat.com “táimid i ndiaidh breis is bliain a chaitheamh ag obair ar shuíomh idirlín nua agus tá áthas orainn go bhfuilimid réidh anois chun é a sheoladh go hoifigiúil. Bhí seachtain mhór againn mar gur bhain muid duais amach ag an gcomhdháil Web Summit, an chomhdháil teicneolaíochta is mó san Eoraip.” Bhí siad in iomaíocht le breis is 5,000 comhlacht ar fud na cruinne a chur isteach ar an gcomórtas áirithe seo.

www.advertiser.ie