Méid an Téacs

Maebh mar loinnir dhóchais Mhúscraí i gcomórtas Scór

Márta 13, 2013

Is í Maebh Ní Dhuinnín ó Bhéal Átha ’n Ghaorthaidh an loinnir dhóchais a bheidh ag Gaeltacht Mhúscraí i gcraobh an chontae de Scór na bPáistí níos déanaí an mhí seo.

Chuaigh Maebh ar aghaidh ó bhabhta leathcheannais Chorcaí – a bhí ar siúl in Áth an Chóiste an Satharn seo caite – sa chomórtas amhránaíocht aonair, agus raghaidh sí ar aghaidh go dtí craobh an chontae sna hUamhanna ar an 24ú Márta. Roimhe sin bhuaigh Maebh an teideal rannóige tar éis di craobh cheannais Mhúscraí a bhuachaint. I mbabhta ceannais Mhúscraí chomh maith, tháinig Colm Mac Lochlainn ó Scoil Lachtaín Naofa, Cill na Martra sa dara háit san amhránaíocht aonair, fad a thóg Eoin Ó Conaill ó Chumann Liathróid Láimhe Chill na Martra an tríú háit sa chomórtas ceol uirlise aonair. Bhí rath do Scoil Abán Naofa Baile Mhúirne (3ú háit) agus do Scoil Chúil Aodha/Barr d’Inse (2ú háit) sa chomórtas ceol uirlise, agus tháinig Síle Ní Mheachair ó Scoil Chúil Aodha sa dara háit sa chomórtas ceol uirlise aonair.

www.eveningecho.ie